Is í Comhairle Contae Fhine Gall Údarás Áitiúil na Bliana 2019

Ainmníodh Comhairle Contae Fhine Gall mar Údarás Áitiúil na Bliana ag Gradaim Feabhais i Rialtas Áitiúil Chambers Ireland aréir a bhí ar siúl in Óstán Crowne Plaza, Seantrabh.

Chambers Ireland Local Authority of the Year

Ainmníodh Fine Gall in aon chatagóir déag ar leith agus bhainamach dhá ghradam mar a ainmníodh Our Balbriggan sa ghradam Dea-chleachtas i Rannpháirtíocht Saoránach agus Féile Cloicheán Bhá Bhaile Átha Cliath sa ghradam Féile na Bliana.

Bhronn Siobhán Kinsella, Uachtarán Chambers Ireland an Gradam ar Mhéara Fhine Gall, an Comh Eoghan O'Brien agus ar Phríomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, ag Féasta Bronnta na nGradam a bhí ar siúl in Óstán Crowne Plaza sa Seantrabh.

Agus é ag glacadh leis an ngradam, dúirt Méara Fhine Gall, an Comh Eoghan O'Brien: “Is mór an onóir é seo do Chomhairle Contae Fhine Gall, dá comhaltaí tofa agus dá foireann. Oibrímid go léir le chéile ionas go mbeidh Fine Gall mar an áit is fearr chun cónaí ann, oibriú ann, cuairt a thabhairt air agus gnó a dhéanamh ann agus téann sé go croí ionainn a bheith aitheanta mar an Chomhairle is fearr in Éirinn, go háirithe agus muid ag comóradh 25 bliain ar an bhfód i mbliana."

Is é seo an tríú huair i 11 bliain gur ainmníodh Údarás Contae Fhine Gall mar Údarás Áitiúil na Bliana ag Gradaim Feabhais i Rialtas Áitiúil agus bhain sé amach an gradam roimhe seo in 2009 agus 2016.

Dúirt an Príomhfheidhmeannach: "Is aitheantas é seo ar an obair iontach a dhéanann ár bhfoireann agus ár gcomhaltaí tofa gach lá thar ceann shaoránaigh Fhine Gall. Léiríonn sé freisin gur Comhairle forásach muid agus go bhfuilimid ag lorg bealaí nua agus níos fearr i gcónaí chun ár seirbhísí a chur ar fáil. ”

Agus comhghairdeas á dhéanamh aige le Comhairle Contae Fhine Gall as Gradam Údarás Áitiúil na Bliana a bhaint amach don dara huair i gceithre bliana, dúirt Príomhfheidhmeannach Chambers Ireland, Ian Talbot: “Tá an Gradam seo d'Údarás Áitiúil na Bliana tuillte go maith ag Comhairle Contae Fhine Gall. Léirigh siad rannpháirtíocht i ngnéithe éagsúla de phobal Fhine Gall, agus le forbairt agus inbhuanaitheacht cheantair agus chomhshaol Fhine Gall, chun an gradam seo a bhaint amach. Tá moladh tuillte ag Comhairle Contae Fhine Gall as a dtiomantas freastal a dhéanamh ar a bpobal, agus próifíl an cheantair a ardú go náisiúnta mar cheann scríbe ar leithligh, agus tá an teideal Údarás Áitiúil na Bliana tuillte acu. ”

Ar na tionscadail eile de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall a bhí ar an ngearrliosta do Ghradaim bhí:

  • Healthy Fingal Learning Portal sa ghradam Sláinte agus Folláine
  • The Fingal Events Unit sa ghradam Tacú le Turasóireacht
  • End to end Mobile Solution for Private Rented Dwelling Inspections sa ghradam Nuálaíocht na nÚdarás Áitiúil
  • Pollinator Friendly Free Tree Initiative sa ghradam Comhshaol Inbhuanaithe
  • STEAM through Fingal sa ghradam An tSeirbhís Leabharlainne is Fearr
  • Smart Street Furniture sa ghradam Timpeallacht Uirbeach a Fheabhsú
  • Caomhnú, Athchóiriú agus Leathnú an Casino, Mullach Íde sa ghradam An Oidhreacht Thógtha agus Oidhreachta
  • Irish Aphasia Theatre sa ghradam Soláthar Seirbhísí Míchumais
  • The Acorn Project sa ghradam Tionscnaimh Aoisbháúla

Léiríonn na Gradaim Feabhais i Rialtas Áitiúil dea-chleachta sa rialtas áitiúil agus aithníonn siad na scileanna, an obair chrua, an nuálaíocht agus an díograis laistigh den rialtas áitiúil nach dtugtar aitheantas dóibh go minic. Leagann siad béim ar thiomantas na hearnála do na caighdeáin seirbhíse poiblí is fearr is féidir do ghnólachtaí agus do shaoránaigh ar fud na tíre. Léiríonn gach ainmniúchán an obair chrua, an nuálaíocht agus an díograis a bhaineann le seachadadh na dtionscadal seo.

Chambers Ireland Festival of the Year
Chambers Ireland Best Practice in Citizen Engagement