Glao deireanach le haghaidh Ciste Éigeandála Fhine Gall COVID-19

Rinneadh athbhreithniú le déanaí ar scéim chiste éigeandála COVID-19 chun costais um Fhilleadh Sábháilte ar Ghníomhaíocht Phobail a cheadú agus tá sé oscailte le haghaidh iarratas go dtí Aoine an 31ú Iúil 2020 ag 5i.n. 

Covid 19 fund

Chomh maith le tacú leis na grúpaí eile atá bainteach leis an tionscnamh Glaonna Pobail, tá Comhairle Contae Fhine Gall ag smaoineamh anois ar iarratais ar mhaoiniú ó ghrúpaí pobail agus seirbhísí pobail chun tacú le Filleadh Sábháilte ar Ghníomhaíocht Phobail agus treoirlínte  COVID-19 á gcomhlíonadh.

D’fhéadfadh baint a bheith ag na costais seo le comharthaíocht COVID, scáthláin chosanta m.sh. peirspéacs, trealamh agus ábhair glantacháin agus sláintíochta m.sh. galtáin, spraenna, díghalráin láimhe, 7rl. 

Le go ndéanfaí breithniú ort, líon isteach an fhoirm iarratais ar líne le do thoil https://form.jotform.com/200864157081352

Tá an scéim seo maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus á riaradh ag Rannáin Cultúir Pobail agus Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall.