Glao ar Iarratais ó Chiste Pobail Éire Ildánach

Tá iarratais á lorg ag Comhairle Contae Fhine Gall faoi láthair ar mhaoiniú do thionscadail chruthaitheacha pobail atá comhoibríoch, a chlaochlaíonn daoine agus áiteanna agus a théann chun sochair an phobail ar fad.

creative ireland fund

Is clár uile-rialtais cultúir agus folláine é Clár Éire Ildánach a spreagann agus a athraíonn daoine, áiteanna agus pobail tríd an gcruthaitheacht.

Tá Comhairle Contae Fhine Gall bainte go hiomlán le tacaíocht a thabhairt dár bpobail áitiúla d'fhonn lán-pháirt a ghlacadh i clár nua 5 bhliain de chuid Éire Ildánach agus le muintir Fhine Gall a chabhrú lena n-acmhainneacht chruthaitheach a bhaint amach.

Tá iarratais á lorg anois ag an gComhairle ar mhaoiniú do thionscadail chruthaitheacha an phobail atá bunaithe ar an gcomhoibriú, a athraíonn muintir agus áit an dúiche agus atá ar leas an phobail ar fad.

Tá an scéim deontais seo oscailte do ghrúpaí an phobail agus d'eagraíochtaí seachbhrabúsacha, do ghrúpaí ealaíon, oidhreachta agus cultúrtha agus d'ionaid agus do chumainn chun tacú le tionscadail chruthaitheacha. Caithfidh gach iarratas ó duine ar leith a bheith i gcomhpháirtíocht le grúpa an phobail, cultúrtha nó oidhreachta.

Ní mór do gach tionscadail incháilithe a bheith:
• ar siúl i gContae Fhine Gall
• inrochtana ag lucht féachana agus ag rannpháirtithe éagsúla agus cuimsitheach ó thaobh na téama agus an chur chuige de
• deartha ar bhonn réadúil an airgeadais agus luach maith ar airgead á sholáthar aige

Tabhair faoi deara agus iarratas á dhéanamh agat ar an gciste seo:

  • Bunófar painéal meastóireachta chun gach iarratas a mheasúnú
  • Beidh tuairisc iomlán ag teastáil ag lárphointe agus ag deireadh an tionscadail
  • Beidh ar gach iarratasóir rathúil buiséad réasúnta nó mionchuntas faoin gcaoi a caitheadh airgead an deontais a chur isteach
  • Caithfidh gach tionscadal a bhrandáil de réir threoirlínte Éire Ildánach agus Chomhairle Contae Fhine Gall ar gach meán sóisialta. Ba cheart buíochas a thabhairt do Chomhairle Contae Fhine Gall agus d’Éire Ildánach i ngach agallamh leis na meáin freisin
  • Ní ghlacfar le hiarratas déanach ar bith
  • Beidh luach na ndeontas sa réimse €500 suas go dtí uasmhéid €5,000 

Ní mór gach tionscadal a chríochnú faoin 1 Deireadh Fómhair 2023 

Sé dáta deiridh na n-iarratas ná Dé hAoine an 7 Aibreán 2023 – cliceáil anseo lená chur isteach