Freagraíonn an Chomhairle do na Treoirlínte Náisiúnta Tithíochta agus beartaíonn sí criosú breise chun spriocanna nua a bhaint amach

Sainaithnítear in athbhreithniú cuimsitheach an acmhainneacht chun an lamháil láithreach a mhéadú faoi 5,000 teach

Fingal is looking to build an additional 5000 homes

Chuir Comhairle Contae Fhine Gall tús le hathrú ar Phlean Forbartha Fhine Gall 2023-2029 chun scála agus luas an tsoláthair tithíochta a mhéadú mar fhreagairt do na Treoirlínte Náisiúnta Tithíochta a foilsíodh le déanaí. Tar éis athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar thalamh ar fud an chontae, tá an Chomhairle ag beartú criosú cónaithe breise chun soláthar a dhéanamh do 5,000 teach breise, rud a chinnteoidh go mbeidh Fine Gall in ann spriocanna náisiúnta nua a chomhlíonadh agus feidhmiú níos fearr fós ná iad.

Foilsíodh an t-athrú ar Phlean Forbartha Fhine Gall 2023-2029 inniu agus beidh sé ar thaispeáint phoiblí go dtí an 29 Eanáir 2026. Is féidir an t-athrú agus na doiciméid tacaíochta a fheiceáil ag https://consult.fingal.ie, áit ar féidir aighneachtaí agus tuairimí ar an togra a dhéanamh agus a thabhairt freisin.

Tá sé mar chuspóir leis an athrú é a dhéanamh níos fusa tithe príobháideacha, tithe inacmhainne, tithe ar cíos de réir costais agus tithe sóisialta a thógáil ar fud Fhine Gall trína chinntiú go mbeidh dóthain acmhainne ann chun tógáil breis agus 29,000 teach a éascú le linn shaolré an Phlean Forbartha.
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Táimid tiomanta do chabhrú leis an Rialtas a spriocanna tithíochta a bhaint amach, agus shainaithníomar limistéir ar fud an chontae ar féidir leo forbairt bheartaithe dhlúth a sholáthar ar féidir rochtain a fháil uirthi d’iompar poiblí. Is é an toradh a bheidh air sin ná go mbeifear in ann úsáid níos éifeachtúla a bhaint as talamh, agus fás de chineál sraoilleála uirbí atá spleách ar charranna á sheachaint ag an am céanna.”
Rinneadh Tuarascáil ón bPríomhfheidhmeannach ina leagtar amach an gá atá le hathrú ar an bPlean Forbartha chun freastal ar fhás cónaithe nua a thíolacadh do Chomhairleoirí ag cruinniú na Comhairle i mí na Nollag.  

Following a comprehensive review of land across the county, Fingal is looking to provide an extra 5,000 homes

Tá cur chuige dhá ghné á bheartú i leith an lamháil láithreach d’fhorbairt chónaithe a mhéadú faoi 5,000 teach.
Tá sé beartaithe ag an gComhairle limistéar tithíochta nua a thabhairt ar aghaidh ar imeall Chathair Bhaile Átha Cliath i bhFine Gall Theas ag Dún Sinche. Tá obair ar bun le 18 mí anuas chun an limistéar a phleanáil, agus tá sé beartaithe Plean Limistéir Áitiúil a fhoilsiú go luath sa bhliain 2026. Is é an toradh a bheidh air sin ná go n-éascófar scaoileadh luath thart ar 2,500 teach nua le riachtanais bhonneagair íosta. 
Tá sé beartaithe ag an gComhairle freisin thart ar 2,500 teach breise a sholáthar trí athchriosú a dhéanamh ar thailte breise nach bhfuil criosaithe faoi láthair le haghaidh forbartha ar fud an Chontae, lena n-áirítear tailte i gCnoc an Sciobóil, i gCluain Saileach, i mBaile an Ridire, sna Sceirí, i Lusca, i Mullach Íde, i gCionn Sáile agus i gCluain Ghrífín.
A bhuí leis na hathchriosuithe atá beartaithe, cinnteofar go mbeidh soláthar níos mó talún cónaí-chriosaithe le haghaidh forbartha ar fáil i bhFine Gall. Tráth a ghlactha ag Comhairleoirí sa bhliain 2023, bhí an acmhainn ag an bPlean Forbartha 35,000 teach nua a sholáthar ar fud an chontae, agus tá 7,000 teach nua, beagnach, tógtha cheana féin. Is é an toradh a bheidh ar acmhainneacht forbartha an chontae a mhéadú faoi 5,000 teach breise ná go mbeidh sé níos fusa d’fhorbróirí tionscadail a thabhairt chun an láithreáin.  
Spreagadh an t-athrú beartaithe le Treoirlínte Alt 28 maidir le Cur i bhFeidhm an Chreata Náisiúnta Pleanála – Riachtanais Fáis Tithíochta, a tháinig in ionad na Modheolaíochta Spriocanna Soláthair Tithíochta le haghaidh Pleanáil Forbartha, Treoirlínte d’Údaráis Phleanála, a foilsíodh i mí na Nollag 2020. Ag teacht sna sála ar fhoilsiú na dtreoirlínte nua i mí Iúil, d’iarr James Browne TD, an tAire Tithíochta, ar gach ceann den 31 údarás áitiúil athbhreithniú a dhéanamh ar na Pleananna Forbartha uathu agus na spriocanna bliantúla nua maidir le soláthar tithíochta a chur ar áireamh iontu.
Agus an t-athrú á ullmhú, rinne foireann pleanála na Comhairle athbhreithniú fairsing ar na tailte cónaí-chriosaithe ar fud an Chontae agus scrúdaigh sí tailte laistigh agus lasmuigh de lonnaíochtaí láithreacha agus de limistéir uirbeacha láithreacha agus an acmhainn le haghaidh forbairt chónaithe laistigh de lonnaíochtaí láithreacha.
Chun tuilleadh faisnéise faoin athrú ar an bPlean Forbartha a fháil, téigh chuig https://consult.fingal.ie  
 

Fingal County Council Affordable Housing