Fóram Aoine Fhine Gall 2022

Tá fíoráthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil Fóram Aoine Fhine Gall ar ais, cruinniú míosúil neamhfhoirmiúil d’ealaíontóirí Fhine Gall amháin.

Fingal Friday Forum Eamonn Maxwell

Tá fíoráthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil Fóram Aoine Fhine Gall ar ais, cruinniú míosúil neamhfhoirmiúil d’ealaíontóirí Fhine Gall amháin. Tar éis iarratais ó ealaíontóirí go leanfadh an fóram ar aghaidh, d’aithníomar an tábhacht a bhaineann le fanacht i dteagmháil agus tacaíocht a sholáthar d’ealaíontóirí tríd an tionscnamh seo.

Éascóidh an Coimeádaí, Comhairleoir agus Meantóir Eamonn Maxwell na seisiúin ag tosú le réamhrá ar an gclár. Tabharfar cuireadh d’aoichainteoirí raon ábhar ar leith a chlúdach a mbeidh dírithe ar thacú le riachtanais ealaíontóirí, iad a threorú agus aghaidh a thabhairt orthu. Forbraíodh clár an fhóraim mar fhreagairt ar mhisean Phlean Ealaíon 2019 – 2025 Chomhairle Contae Fhine Gall chun forbairt chruthaitheach agus ghairmiúil ealaíontóirí a chumasú agus mar fhreagairt ar an aiseolas a fuaireamar ó ealaíontóirí. Tabharfaidh sé deis chun nasc a dhéanamh agus téamaí a phlé ar nós deiseanna maoinithe, cánachas, forbairt ghairmiúil, cleachtais atá inbhuanauthe ó thaobh an chomhshaoil de agus piarfhoghlaim.  Cuirfear an chéad sheisiún ar fáil Dé hAoine 4ú Márta trí Zoom óna 9.30rn – 11.00rn agus ar an gcéad Aoine de gach mí ó Dé hAoine 1ú Aibreán go Dé hAoine 2ú Nollaig agus táthar ag súil go mbeidh roinnt seisiún pearsanta ann. 

Tá Fóram Aoine Fhine Gall saor in aisce agus oscailte d’ealaíontóirí ó Fhine Gall, atá ag obair i ngach foirm ealaíne. Le clárú seol ríomhphost le do thoil chuig [email protected] ag tabhairt sonraí faoi do dhisciplín ealaíne agus faoin nasc atá agat le Fine Gall (áit ar rugadh tú, áit a bhfuil cónaí ort, áit a ndearna tú staidéar i bhFine Gall).

Beathaisnéis Eamonn Maxwell

Eamonn Maxwell ag obair mar choimeádaí agus mar chomhairleoir na nAmharc-ealaíon le breis agus 20 bliain. Bhí sé ina choiméadaí ar thaispeántais iomadúla ar fud an domhain lena n-áirítear Pailliún na hÉireann ag Biennale na Veinéise sa bhliain 2011. Ó 2009 – 2016 bhí sé ina Stiúrthóir ar Ealaíona Chaisleán na Leasa Móire, áit ar eagraigh sé taispeántais shuntasacha le mórealaíontóirí idirnáisiúnta agus Éireannacha. Bhí sé ina abhcóide paiseanta d’ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn, agus bhunaigh sé an Clár d’Ealaíontóirí Nua le linn a thréimhse mar Choimeádaí Ollscoile, Ollscoil na nEalaíon, Londain agus leanann sé ag déanamh meantóireachta ar ealaíontóirí. Le déanaí d’oibrigh sé mar chomhairleoir bailiúcháin do Chomhairle Ealaíon na hÉireann, Coláiste Goldsmiths, Londain agus do bhailitheoirí príobháideacha. D’fhóin sé freisin mar chomhalta boird, agus ar fhochoistí, do go leor eagraíochtaí cultúrtha neamhbhrabúis.

Bhí sé ina léachtóir cuairte ag Coláiste Ealaíne agus Deartha Crawford, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, Ollscoil Uladh agus Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Tá BA (Onóracha) aige sna hAmharc-ealaíona ó Choláiste na nEalaíon, Camberwell, Londain agus MA i mBainistíocht Iarsmalainne agus Dánlainne ó Ollscoil Cathrach Londain. Ina theannta sin, tá cáilíochtaí aige i rialachas corparáideach, margaíocht agus tiomsiú airgid do na healaíona.