Foilsíonn Comhairle Contae Fhine Gall an Tuarascáil ar an mBearna Phá idir na hInscní uaithi don bhliain 2025
D’fhoilsigh Comhairle Contae Fhine Gall an Tuarascáil ar an mBearna Phá idir na hInscní 2025 uaithi inniu, rud ina dtarraingítear aird ar an difríocht chéatadánach idir an méid a íoctar le fir agus le mná ar an meán san eagraíocht, beag beann ar a róil agus ar a leibhéil.
Léirítear sa tuarascáil don bhliain 2025 go bhfuil 48% de bhaill foirne Chomhairle Contae Fhine Gall den inscne bhaineann agus go bhfuil 52% díobh den inscne fhireann.
Sa Bhearna Mheánach Phá idir na hInscní, arb í an difríocht idir tuilleamh meánach na bhfear agus tuilleamh meánach na mban atá fostaithe ag an gComhairle san uair an chloig í, léirítear go n-íoctar daoine den inscne fhireann 3.9% níos mó ar an meán ná daoine den inscne bhaineann.
Sa Bhearna Airmheánach Phá idir na hInscní, ar slat tomhais í ar an méid a thuilleann gnáthoibrí atá i lár scála pá na Comhairle, léirítear go bhfuil an ráta airmheánach pá do dhaoine den inscne bhaineann 0.07% níos airde ná an ráta airmheánach pá do dhaoine den inscne fhireann.
Is athrú é sin i gcomparáid leis an mbliain 2024, tráth a bhí an Bhearna Mheánach Phá idir na hInscní cothrom le 0.8% i bhfabhar na mban agus a bhí an Bhearna Airmheánach Phá idir na hInscní cothrom le 14.81% i bhfabhar na mban. Sa bhliain 2023, bhí an Bhearna Mheánach Phá idir na hInscní cothrom le 1.65% i bhfabhar na bhfear agus bhí an Bhearna Airmheánach Phá idir na hInscní cothrom le 9.31% i bhfabhar na mban.
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Léirítear sa Tuarascáil ar an mBearna Phá idir na hInscní 2025 uainn gurb amhlaidh i mbliana atá an bhearna idir tuarastail mheánacha na bhfostaithe den inscne fhireann agus na bhfostaithe den inscne bhaineann i bhfabhar na bhfear agus atá an figiúr airmheánach pá do dhaoine den inscne bhaineann 0.07% níos airde ná pá na ndaoine den inscne fhireann.
“Tugtar le fios sa tuarascáil seo gurb é atá i gComhairle Contae Fhine Gall ná áit ina mbíonn na deiseanna céanna ag gach fostaí aitheantas agus forbairt gairme a bhaint amach agus go gcaitear go cóir agus go cothrom leo ag an obair.
“Is daoine den inscne bhaineann iad cúigear den 11 chomhalta dár bhFoireann Bainistíochta Feidhmiúcháin, agus bímid tiomanta do dhul i ngleic le bacainní san áit oibre ar chomhionannas agus do phobal oscailte ionchuimsitheach áite oibre a chruthú. “Tá a lán tionscnaimh agus tacaí comhionannais, éagsúlachta agus iomchuimsithe i bhfeidhm cheana féin, agus leanfaimid dár gcuid oibre sa réimse sin,” a dúirt AnnMarie Farrelly ina dhiaidh sin.
Tá ceangal anois ar fhostóirí a bhfuil níos mó ná 50 fostaí in Éirinn acu a gcuid sonraí faoin mbearna phá idir na hinscní a fhoilsiú roimh dheireadh na bliana 2025 agus laistigh de shé mhí óna ndáta tagartha. Roghnaigh Comhairle Contae Fhine Gall agus gach údarás áitiúil eile in Éirinn an 30 Meitheamh 2025 mar an dáta tagartha.
Féach an Tuarascáil ar an mBearna Phá idir na hInscní 2025 ón gComhairle anseo: An Tuarascáil Bhliantúil ar an mBearna Phá idir na hInscní | Comhairle Contae Fhine Gall
Trí obair sa rialtas áitiúil, faigheann daoine an deis ról lárnach a imirt i bhforbairt dhearfach a gcontae agus a bpobail. Mar fhostóir, tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta do thimpeallacht dhearfach thacúil a sholáthar d’fhostaithe. Cuireann an Chomhairle socruithe atá solúbtha agus a thacaíonn le teaghlaigh, obair chumaisc, agus deiseanna iontacha dul chun cinn gairme agus oideachais ar fáil.
Más spéis leat gairm bheatha a bheith agat le Comhairle Contae Fhine Gall, tabhair cuairt ar www.fingal.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na deiseanna atá ann leis an tríú húdarás áitiúil is mó in Éirinn.