Fógraíonn Oifig Ealaíon Fhine Gall Clár Meantóireachta Ealaíontóirí Fhine Gall 2026/2027

Artist Mentoring Programme for 2026/2027 black and white graphic

Tá ríméad ar Oifig Ealaíon Fhine Gall a fhógairt go bhfuil an Clár Meantóireachta Ealaíontóirí ar ais don bhliain 2026/2027. Is é atá sa chlár ná tionscnamh forbartha gairmiúla ina gcruthaíonn meantóir ag a bhfuil taithí an timpeallacht don ealaíontóir chun conairí nua a iniúchadh, a thástáil, a fhiosrú agus a chruthú. Tá sé mar aidhm leis an gcaidreamh frithpháirteach meantóireachta fás ealaíonta, pearsanta agus gairmiúil an ealaíontóra a chothú ag am ag a bhfuil a c(h)leachtas ag athrú.

 

Ar na buntáistí tá féineolas agus tuiscint ar conas an leas is fearr a bhaint as do láidreachtaí, neamhspleáchas méadaithe agus muinín mhéadaithe, dearcthaí leathnaithe, forbairt scileanna, dul chun cinn gairme, agus fás pearsanta. 

 

Tugann Oifig Ealaíon Fhine Gall deis do sheisear ealaíontóirí gairmiúla páirt a ghlacadh sa Chlár Meantóireachta Ealaíontóirí, ar clár forbarthach bliana a sheoltar ar bhonn duine le duine é. Tá an clár ar oscailt d’Amharc-Ealaíontóirí ag aon chéim dá ngairm. Tá sé faoi stiúir Sharon Murphy agus cuirfear ar siúl é gach mí ó mhí na Bealtaine 2026 go mí na Bealtaine 2027. Tá sé mar aidhm leis an Meantóireacht duine le duine timpeallacht chothaitheach chumhachtach a sholáthar d’ealaíontóirí chun fás, rath a bhaint amach agus a gcleachtais chruthaitheacha a chothú – ag pointe cinniúnach sainaitheanta – trí chur chuige meantóireachta struchtúrtha agus iomlánaíche.

 

Tá breis agus 30 bliain de thaithí ag Sharon Murphy ar na taibh-ealaíona agus na hamharc-ealaíona a stiúradh i gcomhthéacsanna éagsúla, amhail forais chultúir náisiúnta, compántais amharclannaíochta, gailearaithe, údaráis áitiúla, agus ealaín phoiblí/céatadán don ealaín, mar stiúrthóir, mar léiritheoir, mar choimeádaí, mar choimisinéir, mar chleachtóir amharclannaíochta, mar oideoir agus mar mheantóir agus, rud ba dhéanaí fós, mar amharc-ealaíontóir.

 

Mairfidh an Clár Meantóireachta Ealaíontóirí bliain amháin, ó mhí na Bealtaine 2026 go mí na Bealtaine 2027, agus cuirfear seisiúin ar siúl gach mí.

   

Teastaíonn tiomantas do rannpháirtíocht iomlán.

 

Incháilitheacht:

Ar oscailt d’amharc-ealaíontóirí gairmiúla ag aon chéim den ghairm.

  • Is ceanglas é gur rugadh iarratasóirí i limistéar riaracháin Fhine Gall, go ndearna siad staidéar ann, nó go gcónaíonn siad ann faoi láthair.
  • Cuirtear fáilte ar leith roimh iarratais ó ealaíontóirí ó phobail atá faoi ghannionadaíocht.
  • Ní mór d’iarratasóirí a bheith os cionn 18 mbliana d’aois.
  • Ní mór d’iarratasóirí a bheith ar fáil agus tiomanta ar feadh fhad an chláir.

 

Beifear ag glacadh le hiarratais ón Máirt an 3 Feabhra 2026 go dtí 4.00pm Dé hAoine an 13 Márta 2026.

 

Déan cinnte de go bhfuil na treoirlínte léite go hiomlán sula gcuirtear iarratas isteach. Is féidir treoirlínte iarratais a fháil anseo: 

 

Chun iarratas a dhéanamh, féach: https://submit.link/4tN