Fógra Toirmisc (Toirmeasc ar Shnámh) a chur i bhfeidhm ag Trá Theas an Rois

Do not swim Rush South Beach 19.07.2026

Tar éis tuairisc theagmhais mall-oíche a fháil ó Uisce Éireann Dé Domhnaigh an 19 Iúil, chinn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) Fógra Toirmisc (Toirmeasc ar Shnámh) a chur i bhfeidhm ag Trá Theas an Rois mar bheart réamhchúraim chun sláinte an phobail a chosaint, lena n-áirítear comharthaí a chur suas ag an Trá Theas. Beidh an beart sin i bhfeidhm ar feadh ceithre lá. Tá athshampláil le heagrú.

Cé go mbeidh an trá ar oscailt don phobal fós, iarrtar ar úsáideoirí na trá cloí leis an bhFógra Toirmisc (Toirmeasc ar Shnámh) toisc gur cuireadh i bhfeidhm é chun a chinntiú nach gcuirtear sláinte na snámhóirí i mbaol.

Is féidir le daoine den phobal cáilíocht an uisce ag aon cheann de na huiscí snámha a ndéantar faireachán orthu in Éirinn a sheiceáil roimh ré trí shuíomh Gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil a rochtain ag https://www.beaches.ie/ nó tríd an gclár fógraí ag bealach isteach gach trá a sheiceáil.