Fógra Sealadach 'Ná Snámh' eisithe do An Trá Mhín, Port Mearnóg

Tabhair le fios le do thoil go bhfuil Fógra Toirmisc sealadach “Ná Snámh” curtha suas ag An Trá Mhín, Port Mearnóg le haghaidh 4 lá mar gheall ar an mbaol go dtiocfaidh meath ar cháilíocht uisce de bharr ró-shreabhadh uisce stoirme ag stáisiún caidéalaithe tar éis titim trom báistí go háitiúil.

do not swim

Tógfar sampla uisce farraige amárach, an 3 Meán Fómhair agus beidh torthaí na hanailíse saotharlainne ar fáil an 5 Meán Fómhair nuair a  dhéanfar athbhreithniú ar an bhfógra Ná Snámh.

Tá an trá fós ar oscailt ach iarrtar ar úsáideoirí trá cloí leis an an bhfógra ‘Ná Snámh’ mar cuireadh i bhfeidhm é chun a chinntiú nach gcuirtear sláinte snámhóirí i mbaol.

Is féidir le baill an phobail cáilíocht an uisce ag aon cheann de na huiscí snámha a ndéantar monatóireacht orthu in Éirinn a sheiceáil roimh ré trí rochtain a fháil ar láithreán gréasáin an EPA ag www.beaches.ie nó tríd an gclár fógraí ag an mbealach isteach chuig gach trá a sheiceáil.