Fine Gall ag Súil le paráid Lá Fhéile Pádraig

Paddys Day

I ndiaidh fhógairt an dea-scéala go raibh deireadh le formhór shrianta Covid-19, dheimhnigh Comhairle Contae Fhine Gall go bhfuiltear réidh le paráid bhliantúil Lá Fhéile Pádraig a thabhairt chun beochta ar shráideanna Fhine Gall arís tar éis sos dhá bhliain.

Tá sé sonraithe ag an gComhairle ainneoin go bhfuil sé beartaithe paráidí oifigiúla a reáchtáil i Sord, Baile Bhlainséir agus Baile Brigín, go mbeidh grúpaí pobail in An Ros, Lusca agus Na Sceirí ag ceiliúradh ar an 17 Márta freisin trí Scéim Maoinithe Féilte agus Imeachtaí na Comhairle.

Is é “Oibrithe Riachtanacha” an téama i mbliana, téama a roghnaíodh chun buíochas a ghabháil leis na mílte comhalta foirne túslíne a rinne obair mhór go díograiseach i rith na paindéime. Chomh maith leis sin, tá sé beartaithe ag an gComhairle paráid glas a eagrú, trína chinntiú gur imeacht neodrach ó thaobh carbóin a bheidh ann.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, nuair a bhí na paráidí á bhfógairt aici: “Buaicphointe fhéilire na n-imeachtaí riamh anall ba é na paráidí bliantúla le haghaidh Lá Fhéile Pádraig a reáchtáiltear ar fud an Chontae, agus cúis áthais dom go mbeimid in ann na sluaite a mhealladh ar ais arís agus taitneamh a bhaint as lá de cheol, amhrán agus damhsa.

“Tá na hiarrachtaí astaíochtaí carbóin a laghdú ag croílár ár gcur chuige agus is mian linn na chéad pharáidí in Éirinn nach n-úsáideann innill dócháin a eagrú, an chéad údarás áitiúil sa tír a dhéanfaidh é seo. Mar sin, táimid ag iarraidh ar dhaoine feithiclí leictreacha nó hibrideacha a úsáid ar na bealaí, agus go mbeadh daoine ag rith, ag scútáil, ag rothaíocht nó ag siúl.

“Táim ag súil go mór le gach duine a fheiceáil ag ceiliúradh don chéad uair le cúpla bliain anuas. Ócáid iontach a bheidh ann!”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “I ndiaidh fanacht fada, is deis iontach é seo do phobal Fhine Gall teacht le chéile agus a bheith ag ceiliúradh. Chomh maith leis sin, is deis iontach é do ghrúpaí agus do ghnóthaí áitiúla páirt a ghlacadh in atmaisféar iontach a chruthú ag ceann de na himeachtaí is mó tóir a reáchtáiltear i rith na bliana.”

Tá cuireadh á thabhairt ag an gComhairle do ghnóthaí áitiúla, eagraíochtaí, clubanna óige, clubanna spóirt, scoileanna agus grúpaí eile as ar fud an Chontae páirt a ghlacadh sna paráidí seo agus cur leis na himeachtaí a bheidh á n-eagrú i mbliana.

Moltar do ghrúpaí téama na bliana “Oibrithe Riachtanacha” a chur san áireamh ina n-iarrachtaí don pharáid. Is féidir le haon duine ar spéis leis/léi páirt a ghlacadh in aon cheann de na paráidí teagmháil a dhéanamh le Davis Events trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected] nó clárú ar fingalparades.com. Níl aon táille le híoc le bheith páirteach agus glacfar le hiarratais go dtí an 17 Feabhra.

Parade
llama