Filleann Draíocht na Scéalta ar Chaisleán Shoird: Tá Féile Litríochta Leanaí Fhine Gall ag Ceiliúradh a Cúigiú Bliain
Tá lúcháir ar Leabharlanna Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go mbeidh Draíocht na Scéalta, féile litríochta leanaí Fhine Gall, ag filleadh ar ais don bhliain 2026. I mbliana, beidh an fhéile a bhfuiltear ag súil go mór léi ag ceiliúradh a cúigiú breithlá agus tá gach cosúlacht ann go mbeidh an lá lán le spraoi agus le ceiliúradh.
Tá tallann dhúchasach ina cuid lárnach den chlár den chéad scoth. Thar na blianta, thug Draíocht na Scéalta tús eolais do na daoine a bhí i láthair ar iontrálaithe nua iontacha isteach i ndomhan leabhair leanaí na hÉireann, agus údair agus maisitheoirí a bhfuil duaiseanna buaite acu – agus roinnt daoine de Laureate na nÓg – á sárthaispeáint aici.
Cosúil le gach imeacht eile de chuid Leabharlanna Fhine Gall, tá Draíocht na Scéalta saor in aisce go hiomlán. Is féidir le leanaí bualadh lena laochra liteartha, a bheith cruthaitheach ag ceann amháin den roinnt mhaith gníomhaíochtaí ealaíne a bheidh ar siúl, an leabhar nua is fearr leo a aimsiú agus gabháil do chuid mhór eile, agus an méid sin ar fad á dhéanamh acu gan aon bhacainní airgeadais.
Le linn na féile, beidh imeachtaí ar siúl i bPuball na Leabharlainne Bige, sa Séipéal, i bPuball na Scéalta, i bPuball Scéalta an Ghamhna Bhuí, agus sa Chrios Cruthaitheach. Beidh an amharclann puipéad meicniúil ag teacht ar ais chun sárthaibhiú nua darb ainm River Crossing a chur i láthair. Beidh Long-Legs Sheila, taibhiú beo atá oiriúnach do theaghlaigh, ag teacht go dtí an Caisleán chun éisc, spraoi agus craic a lorg in éineacht le Pierre agus Éclair, éanbhreathnóirí breátha taistil.
Buail le foireann iontach d’údair agus maisitheoirí leabhar leanaí, lena n-áirítear Chris Haughton, Laureate reatha na nÓg, Kevin Moran, údar Mayhem and Mystery, PJ Lynch, maisitheoir clúiteach, Karen Harte, maisitheoir Millie McCarthy, agus Alison Weatherby agus Brían Dungan, údair. I bPuball na Scéalta, is féidir le cuairteoirí bualadh freisin le Sarah Sparkles, Margaret-Anne Suggs, Peter Donnelly, Neil Sharpson, agus April Suddendorf.
Agus beidh cuid mhór eile ann. Glacfaidh Alan Nolan, máistir sorcais, rialú ar Phuball Scéalta an Ghamhna Bhuí, agus Niamh Donnellan agus Brian Fitzgerald, Úna Woods agus Sinéad O’Hart, Dave Rudden agus daoine eile ag glacadh páirt sna himeachtaí a bheidh ar siúl ann.
Tabhair cuairt ar na Dochtúirí Leabhar ó Leabhair Pháistí Éireann, a bheidh ag tabhairt moltaí maidir le roghanna léitheoireachta duine le duine. Lig do scíth sa Chrios Ciúin, nó caith súil ar Dany’s Den, an spás rúnda nua-aimsithe ina mbeidh Balor Otherworld ag insint finscéalta a chuirfidh beocht i miotais agus sa stair! Coinnigh súil amach do Tarsila, ár n-ealaíontóir féin ag Draíocht na Scéalta, a bheidh ag fánaíocht timpeall na féile agus ag gabháil na n-eachtraí as cuimse a bheidh ar siúl trína cuid líníochtaí.
Óstálfar ‘Péinteáil Cara’ i bPuball na Leabharlainne Bige in éineacht le Niamh Sharkey agus Jennifer Farley, maisitheoirí. Foghlaim cúpla focal Gaeilge ón ‘gCupán Focal’ in éineacht le hÁine Gallagher. De rogha air sin, tar díreach agus beannaigh do bhaill foirne chairdiúla Leabharlanna Fhine Gall agus faigh amach conas dul isteach sa leabharlann mura bhfuil tú i do bhall cheana féin.
Dúirt an Comh. Tony Murphy, Méara Chomhairle Contae Fhine Gall: “Soilseofar Caisleán Shoird i mí Mheán Fómhair a bhuí le filleadh Fhéile Dhraíocht na Scéalta. Tá Leabharlanna Fhine Gall tiomanta do spás a chruthú inar féidir le leanaí de gach aois dul i mbun na litríochta agus bualadh leis na húdair is fearr leo saor in aisce.”
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, “Tá Féile Dhraíocht na Scéalta ina cuid lárnach de thiomantas Leabharlanna Fhine Gall dá chinntiú go mbíonn rochtain ag gach leanbh ar leabhair, ar fhoghlaim agus ar eispéiris chruthaitheacha, beag beann ar a gcúlra. Is é atá sa lá teaghlaigh speisialta seo i gCaisleán Shoird, atá sa chúigiú bliain anois, ná ceiliúradh scéalaíochta lena spreagfar grá ar feadh an tsaoil don léitheoireacht i ngach duine a fhreastalóidh air.”
Beidh Draíocht na Scéalta, féile litríochta leanaí Fhine Gall, ar siúl Dé Sathairn an 26 Meán Fómhair ó 11am go 4pm i gCaisleán Shoird. Feicfimid ansin thú!