Féile Plein Air Bhaile Átha Cliath réidh dá ceathrú bliain

Plein Air

Cúpla mí cruaidh a bhí ann do gach duine lena n-áirítear iad siúd atá bainteach leis na healaíona ach a bhuíochas le spiorad troda phobal na n-ealaíontóirí, beidh féile phéintéireachta Plein Air Bhaile Átha Cliath na bliana seo ar siúl ó Luan an 20ú go Domhnach an 26ú Iúil agus tabharfaidh sé ealaíontóirí le chéile ó gach cearn den tír chun péinteáil lasmuigh (en plein air) mórthimpeall Fhine Gall.

Le tacaíocht ón Roinn Ealaíne i gComhairle Contae Fhine Gall, tabharfaidh an fhéile seo ealaíontóirí le chéile chun cuairt a thabhairt ar thírdhreacha áille na Sceirí, Baile Brigín, Domhnach Bat, Mullach Íde, Garraithe Náisiúnta na Lus agus Teach Farmleigh.

I í an fhéile seacht lá an príomhimeacht péintéireachta amuigh faoin aer in Éirinn. Cé go meallfadh an fhéile seo ealaíontóirí ó gach cearn den domhan de ghnáth ní féidir é seo a dhéanamh mar gheall ar shrianta Covid-19. I mbliana, áfach, beidh ealaíontóirí ó gach cuid den tír ag glacadh páirte agus iad ag péinteáil ag roinnt áiteanna i bhFine Gall.   

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: “Bhí cúpla mí dheacair ag pobal na n-ealaíon i bhFine Gall le deiseanna teoranta chun an tallann atá ann a léiriú. Mar sin, is iontach an rud é a fheiceáil go mbeidh an Fhéile Plein Air ar siúl an mhí seo le healaíontóirí ó gach cearn den tír ag teacht go Fine Gall chun a tírdhreacha áille a phéinteáil. Leanann Comhairle Contae Fhine Gall ag tacú leis an bpobal ealaíne le linn na tréimhse seo, agus teastaíonn uainn ealaíontóirí a chur ar a suaimhneas gur féidir leo brath ar ár dtacaíocht leanaúnach trí dheiseanna forbartha gairmiúla mar seo.”

“Táimid lántiomanta dár bhféile a dhéanamh chomh maith agus is féidir agus braithimid go bhfuil sé tábhachtach go ligfidh Féile Plein Air Bhaile Átha Cliath 2020 d’ealaíontóirí filleadh ar normáltacht de chineál éigin,” a deir Paul D’Arcy. “Beidh méid áirithe athruithe i gceist le féile na bliana seo agus is iad na cinn is mó ná go mbeidh líon na n-ealaíontóirí rannpháirteacha teoranta agus go mbeidh gach ceann de na seacht láthair i spásanna móra oscailte chun treoracha maidir le scaradh sóisialta a chumasú.”

Is féile phéintéireachta lasmuigh muid a bhfuil bród orainn as gach ealaíontóir a spreagadh chun taitneamh a bhaint as péintéireacht lasmuigh in atmaisféar cairdiúil.”

Mar chuid den bhféile beidh roinnt ceardlann ar siúl ag na healaíontóirí is fearr in Éirinn lena n-áirítear Una Sealy RHA agus Neal Greig AURA agus comórtas ‘Quickpaint’ chun cabhrú le Cystic Fibrosis Éire ina bpéinteálfaidh ealaíontóirí ar feadh dhá uair an chloig chun cabhrú leis an gcarthanas.

Dúirt Rory O’Byrne, Oifigeach Ealaíon Fhine Gall: “Is ócáid bhliantúil í Féile Plein Air Bhaile Átha Cliath i bhFhine Gall agus tá an-áthas orm go mbeimid in ann leanúint leis an ócáid seo i mbliana d’ainneoin paindéim leanúnach Covid-19. Tacaíonn Comhairle Contae Fhine Gall go leanúnach leis na hEalaíona i bhFine Gall agus tá sé ríthábhachtach a chinntiú go bhfuil rochtain ag ealaíontóirí ar roghanna éagsúla atá deartha chun cabhrú leo a n-ionchais chruthaitheacha a bhaint amach le linn na tréimhse seo.”

Beidh an Fhéile Phéintéireachta Plein Air Bhaile Átha Cliath ar siúl ón Luan, 20 Iúil go Domhnach, 26 Iúil agus tá tuilleadh eolais ar fáil ó https://www.dublinpleinair.ie/

 

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le

Paul D’Arcy

Teileafón:                        0866028904

Ríomhphost:              [email protected]

Facebook:       https://www.facebook.com/dublinpleinair/