Féile Bhealtaine 2023 i Leabharlanna Fhine Gall

Mayor of Fingal, Cllr Howard Mahony, County Librarian, Betty Boardman, Bealtaine Festival Arts Director Tara Byrne

Chuir Méara Fhine Gall, an Comh. Howard Mahony, tús le clár Féile Bhealtaine de chuid Leabharlanna Fhine Gall, comóradh náisiúnta na hÉireann um chruthaíochta sa tseanaois,  i Leabharlann an Rois Dé Máirt ag 11:30rn ar an 2 Bealtaine le léiriú spreagúil ón gcór Forget Me Nots - cór pobail cuimsitheach do sheandaoine agus a gcuid teaghlaigh, a gcuid cairde agus a gcuid comharsana.

Beidh Féile na Bealtaine ar siúl ar feadh mhí Bealtaine ar fad agus beidh imeachtaí ar siúl ar fud bhrainsí leabharlann Fhine Gall. Dúirt Méara Fhine Gall, An Clr. Howard Mahony: “Is mór an t-áthas a chuireann sé orm a bheith anseo i Leabharlann an Rois le haghaidh tús a chur le clár Fhéile Bealtaine de chuid Leabharlanna Fhine Gall na bliana seo. Léiríonn pobal, cuimsiú agus cruthaitheacht an chór Forget Me Nots (Ná Déan Dearmad Orainn) an spiorad atá mar bhonn na féile”.

Dar le Leabharlannaí an Chontae, Betty Boardman: “Tá clár éagsúil na gceardlanna, na léirithe agus na gcainteanna againn d’Fhéile Bhealtaine na bliana seo chun deis a thabhairt do gach éinne triail a bhaint as rud éigin nua, naisc shóisialta a dhéanamh agus an chruthaitheacht a fhiosrú ina gcuid pobal beag beann ar an aois acu.”

Mayor of Fingal, Cllr Howard Mahony,  Director of Services Libraries Division, John Quinlivan County Librarian, Betty Boardman

Ag leanúint le téama ceoil na hócáide, beidh ceolchoirmeacha ar chlár na bliana seo ón ensemble ceoil The Mobile Music Machine (Inneall Soghluaiste an Cheoil) sna Leabharlanna i mBaile Bhlainséir, i mBaile Dúill agus sa Ros. Tabharfaidh an Dr. Jonathan Creasy léacht le tionlacan ceoil, ar an bhfilíocht, ar an bprós, agus ar amhráin blianta na 1920idí i Leabharlann Bhaile Bhlainséir.

Beidh deiseanna ar fáil le haghaidh scileanna nua a fhoghlaim agus le haghaidh an chuid cruthaitheach agat a léiriú le ceardlanna Ciseán Crochta ag Aoife Munn agus le ceardlanna ‘Siopa Milseáin’ ag Maria Pantel, áit ar féidir leat ball éadaigh olltáirgthe a phearsantú duit féin. Díreoidh na ceardlanna ealaíne ag Will Nathans i Leabharlann an Ros ar phortráidí agus ar tírdhreacha a phéinteáil. Tabharfaidh an ginealasóir Claire Bradley treoir duit faoin gcaoi is féidir leat taighde a dhéanamh ar stair do theaghlaigh. Taispeánfaidh foireann na leabharlainne i Leabharlanna an Ros, Bhaile Bhlainséir agus Mhullach Íde duit conas na cluichí solais idirghníomhacha a úsáid ar tháblaí ‘Tovertafel’ nó ‘draíochta’. Má bhí an fonn ort le fada beiriste a imirt, déan teagmháil le Martin Staunton le haghaidhpáirt a ghlacadh i ranganna beiriste i Leabharlanna Dhomhnach Bat agus Mhullach Íde.

 Mayor of Fingal, Cllr Howard Mahony, County Librarian, Betty Boardman, Bealtaine Festival Arts Director Tara Byrne

Beidh sraith cainteanna ar chlár Fhéile na Bealtaine freisin atá dírithe ar an bhailiú an eolais, ar an gcumhachtú agus ar an spreagadh. Déanfaidh an Dr. Frank Prendergast ó Birdwatch Fingal (Éinfhaire Fhine Gall) iniúchadh ar ár ngnáthóga áitiúla, ar radharcanna na n-éan fiáin agus ar fhuaimeanna. Pléifidh an t-údar Barbara Scully na deiseanna a chuireann an saol ar fáil do sheanmhná ina cuid cainte Wise Up: Power, Wisdom and the Older Woman (Beir ar do Chiall: An Chumhacht, an Eagna agus an tSeanbhean). Labhróidh an t-eachtránaí Eugene O’Leary faoi na turais agus faoi na heachtraí aige chun an ghníomhaíocht fadsaoil a spreagadh.

Táimid ag tnúth le do theannta i Leabharlanna Fhine Gall le linn mí Bealtaine seo! Is féidir leat bróisiúr Fhéile Bhealtaine a fheiceáil ar shuíomh Gréasáin Leabharlanna Fhine Gall: https://www.fingal.ie/bealtaine-festival-brochure-2023 nó cóip crua di a fhail i do leabharlann áitiúil. Téigh i dteagmháil leis an leabharlann atá á hóstáil le haghaidh áirithint a dhéanamh ar aon imeacht de chuid Fhéile Bhealtaine.

 

 

 

Mayor of Fingal, Cllr Howard Mahony and the Forget Me Nots Choir
The Forget Me Nots Choir