Féile Bheacha Fiáine na Sceirí, 2022

Sheol Méara Fhine Gall, an Clr. Howard Mahony, Féile Bheacha Fiáine na Sceirí 2022 ag Muilte na Sceirí Dé hAoine, 26 Lúnasa 2022.

Wild Bee Skerries Mayor

Sheol Méara Fhine Gall, an Clr. Howard Mahony, Féile Bheacha Fiáine na Sceirí 2022 ag Muilte na Sceirí Dé hAoine, 26 Lúnasa 2022. Ba chomhoibriú idir Comhairle Contae Fhine Gall, an tIonad Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta, agus Charlie agus Marion Heasman ó Sustainable Skerries a bhí san imeacht trí lá a bhí ar siúl ón 26 go dtí an 29 Lúnasa.

Cllr Howard Mahony

Dúirt Méara Fhine Gall, an Clr. Howard Mahony “Bhí sé iontach a fheiceáil gur chabhraigh Féile Bheacha Fiáine na Sceirí le daoine dul isteach i saol na hinbhuanaitheachta trí na beacha agus na héin atá ina ngairdíní cúil féin a fheiceáil thar an deireadh seachtaine”

Thar an deireadh seachtaine, d’fhoghlaim baill den phobal faoin mBumbóg Charda Caonaigh (Bombus muscorum), bumbóg dúchais atá ag dul in olcas go mór ar fud na hÉireann ach atá faoi bhláth sna Sceirí, mar thoradh díreach ar ghrúpa dícheallach Bailte Slachtmhara na Sceirí.

Wild Bee Skerries #1

Múineadh don lucht freastail faoi phailneoirí agus a dtionchar dearfach ar fhlóra agus fána dúchasach na hÉireann trí sheimineáir éagsúla agus siúlóidí dúlra.

Dúirt Charlie agus Marion Heasman, Saineolaithe Beacha ó Sustainable Skerries: Táimid tar éis a bheith ag obair ar phlean chun an bhumbóg charda caonaigh a shábháil sna Sceirí, agus ionas go n-oibreoidh sé seo, is gá dúinn tacaíocht ón bpobal ar fad. Thug Féile na mBeacha deis luachmhar dúinn dul i dteagmháil le níos mó daoine go háitiúil, agus mar a chéile, chuir sé ar ár gcumas ceangal agus teagmháil a dhéanamh le daoine aonair agus le grúpaí pobail ó Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath agus níos faide i gcéin.

Ba mhaith linn an deis a thapú buíochas a ghabháil le Comhairle Contae Fhine Gall agus leis an Ionad Náisiúnta um Shonraí Bithéagsúlachta as an imeacht a eagrú agus an sprioc seo a bhaint amach.”

Wild Bee Skerries Face Painting
Wild Bee Skerries #3

Chuir éiceolaithe ón Ionad Náisiúnta Bithéagsúlachta agus baill de Chomhairle Contae Fhine Gall leis an bhféile freisin, ag tabhairt siamsaíochta do pháistí agus do dhaoine fásta araon, trí bheacha agus féileacáin a phéinteáil ar aghaidheanna gealgháireacha.

Wild Bee Skerries Mayor and Deborah Teirnan

Deir Deborah Tiernan, Oifigeach Bithéagsúlachta le Comhairle Contae Fhine Gall:

“Chruthaigh Féile Beacha Fiáine na Sceirí go bhfuil fíor-phaisean ag daoine faoin inbhuanaitheacht agus faoina n-éiceachóras áitiúil ach go mothaíonn siad caillte go minic faoin áit le tosú. Trí scileanna a mhúineadh dóibh chun bithéagsúlacht a chothú, táimid ag cabhrú le hathrú dearfach fadtéarmach a chruthú dár dtimpeallacht.”

Tá obair Sustainable Skerries agus grúpaí Bailte Slachtmhara áitiúla maidir le bithéagsúlacht ag leanúint ar aghaidh agus á tacú ag Comhairle Contae Fhine Gall.

Wild Bee Skerries Face Painting