Feachtas ‘Cuardaigh go hÁitiúil’ Seolta chun Aird a Tharraingt ar Gnóanna Fhine Gall

Image of taken at Look for local

Tá tomhaltóirí agus gnóanna i bhFine Gall á spreagadh chun siopadóireacht a dhéanamh go háitiúil an Nollaig seo agus meabhraítear dóibh an réimse ollmhór earraí agus seirbhísí ar féidir leo rochtain a fháil orthu ar thairseach an dorais le feachtas nua Rialtais chun ‘Cuardaigh go hÁitiúil’ a seoladh Dé Céadaoin 25ú Samhain 2020.

 

De réir mar a bheartaimíd go léir chun Nollaig shábháilte a bheith againn, tá an Rialtas ag meabhrú do dhaoine cé chomh furasta agus atá sé siopadóireacht agus trádáil a dhéanamh go háitiúil, agus tacú lena ngnóanna áitiúla féin, ar an bhfón, ar líne le seachadadh sa bhaile, nó bailiúchán.

 

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar; “Ba mhaith linn a mheabhrú do dhaoine gur féidir leat siopadóireacht a dhéanamh sa bhaile fiú le srianta i bhfeidhm – pé acu má tá na siopaí oscailte go fisiciúil nó ag díol táirgí trí sheirbhísí cliceáil agus bailiúcháin.

 

“Ba mhaith linn go léir Nollaig shábháilte a bheith againn. Tá íobairtí ollmhóra déanta ag díoltóirí chun muid uile a choinneáil slán agus tá a fhios agam gur oibrigh a lán acu go crua chun oiriúnú agus bogadh ar líne. Agus bronntanais á mbailiú an Nollaig seo, tá sé ríthábhachtach go ndéanaimid amhlaidh go sábháilte chun leathadh an víris a chosc.

 

“Ba bhliain an-deacair í d’úinéirí gnó, a bhfoireann agus a dteaghlaigh. Tá a fhios agam go bhfuil go leor daoine ag iarraidh tacú lena ngnóanna áitiúla an Nollaig seo cheana féin. Tá súil againn go treiseoidh an feachtas seo an borradh atá ann cheana féin agus go spreagfaidh sé daoine chun a miondíoltóir áitiúil a fhiosrú i mbliana. Fostaíonn gnóanna beaga os cionn aon mhilliún duine anseo, is cuid lárnach dár ngeilleagar iad agus tá súil agam go mbeimid go léir in ann tacaíocht a thabhairt dóibh an Nollaig seo.”

 

Tá sé mar aidhm ag feachtas “Cuardaigh go hÁitiúil” Fhine Gall de chuid na hOifige Fiontair Áitiúil, arna mhaoiniú ag an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, i gcomhar le Fiontraíocht Éireann agus na húdaráis áitiúla, aird a tharraingt ar ghnóanna beaga Fhine Gall i ngach earnáil, ag iarraidh go leanann daoine orthu ag tógáil ar an tacaíocht mhór a léiríodh do ghnóanna áitiúla le déanaí agus iad ag iarraidh earraí nó seirbhísí a cheannach.

 

Ó mhí Eanáir i leith, cheadaigh na LEOanna go náisiúnta os cionn 11,000 Dearbhán Trádála Ar Líne (TOV) do ghnóanna beaga Éireannacha, ag cabhrú leo a láithreacht trádála ar líne a chruthú nó a oiriúnú.  Ceadaíodh os cionn 12,060 Dearbhán Leanúnachais Gnó do ghnóanna beaga go dtí seo i mbliana, agus fuair os cionn 55,000 duine aonair meantóireacht nó oiliúint shonrach COVID-19 óna nOifig Fiontair Áitiúil.

 

I 2019 chruthaigh comhlachtaí le tacaíocht ó LEO 3,149 post nua ar fud na tíre.  San iomlán thug LEOanna tacaíocht airgeadais do níos mó ná 7,400 comhlacht a thacaíonn le 38,535 post i bpobail ar fud na tíre.

 

Bhí roinnt comhlacht LEO a bhain leas as tacaíochtaí le míonna beaga anuas chun cabhrú leo trí thionchar na paindéime i láthair ag an seoladh inniu. Ina measc bhí Le Patissier, milseoga lámhdhéanta agus patisserie, a chaill 90% dá ngnó nuair a tharla an phaindéim ach a d’athraigh go samhail díola ar líne a bhuíochas le TOV ó LEO Fhine Gall agus a bhfuil éileamh ollmhór ar líne ar a dtáirgí anois.

 

Cuirfidh LEOanna an feachtas chun cinn ar fud na tíre i dteannta le Fiontraíocht Éireann agus na húdaráis áitiúla. Tacóidh fógraíocht agus margaíocht náisiúnta agus áitiúil leis. Tarraingeoidh an feachtas aird ar chliaintchomhlachtaí LEO thar raon earnálacha chun aird a tharraingt ar na roghanna atá ann dóibh siúd  atá ag iarraidh ‘Cuardaigh go hÁitiúil’ sna míonna amach romhainn.

 

Dúirt Cathaoirleach Líonra LEO agus Ceann Fiontraíochta i bhFine Gall Oisín Geoghegan; “Bhí sé seo ar cheann de na blianta ba dhúshlánaí do ghnóanna Éireannacha le déanaí.  Tá na hOifigí Fiontair Áitiúla ag obair go dlúth leis na mílte comhlachtaí agus fiontraithe chun tacaíocht airgeadais agus oiliúna a sholáthar chun cabhrú leo na hamanta gan fasach seo a shárú.  Anois ba mhaith linn iarracht a dhéanamh níos mó tomhaltóirí a spreagadh, agus gnóanna freisin, chun breathnú go háitiúil, má theastaíonn earraí nó seirbhísí uathu.  Má tá siad ag breathnú ar líne, ba mhaith linn go bhfeicfidis an bhfuil duine áitiúil chun cabhrú leo agus iarracht a dhéanamh tacú le gnóanna beaga agus poist ina bpobail áitiúla. Bhí ar ghnóanna beaga ar fud na tíre a gcuid samhlacha a mhacasamhlú nó a athrú le linn na bliana seo agus anois níos mó ná riamh tá ár dtacaíocht tuillte acu.”  

 

Dúirt Eoghan Hanrahan, Stiúrthóir Réigiúnach, Réigiún Bhaile Átha Cliath agus Forbairt Réigiúnach, Fiontraíocht Éireann; “Tá na hOifigí Fiontair Áitiúla agus Fiontraíocht Éireann ar an líne tosaigh ag cabhrú le gnóanna ar fud na paindéime seo agus bhí ról suntasach acu maidir le tacú leis na mílte gnóanna.  Is deis é an feachtas “Cuardaigh go hÁitiúil” chun aird a tharraingt ar gach gnó áitiúil, ní hamháin iad siúd atá ag feidhmiú san earnáil miondíola, ach i ngach earnáil.  Ar an dul céanna spreagfaidh an feachtas tomhaltóirí agus gnóanna araon chun a gcuid earraí agus seirbhísí a chuardach go háitiúil, ag tacú le geilleagair áitiúla ar fud na tíre.”

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, Iníon AnnMarie Farrelly; “Tá an-áthas ar údaráis áitiúla tacú leis an bhfeachtas ‘Cuardaigh go hÁitiúil’ agus gach iarracht a dhéanamh chun fiontar áitiúil a thaispeáint agus a cheiliúradh. Is iad gnóanna beaga agus miondíoltóirí croílár ár gcathracha, ár mbailte agus ár sráidbhailte, ag soláthar gníomhaíochtaí eacnamaíochta agus deiseanna fostaíochta ríthábhachtacha. Tá dúshláin gan fasach ós a gcomhair ó mhí an Mhárta agus tá údaráis áitiúla ag obair chun tacú leo a oiread agus is féidir. Molaimid do gach tomhaltóir agus gnó an rud céanna a dhéanamh agus faire amach do ghnóanna Éireannacha an Nollaig seo.”

 

Mairfidh an feachtas ar feadh cúpla seachtainí ar na meáin agus leanfar leis an bpróifíliú go dtí deireadh na bliana chun aird a tharraingt ar ghnóanna áitiúla ar fud na tíre agus daoine a spreagadh chun “Cuardaigh go hÁitiúil.”  Le haghaidh tuilleadh eolais faoin bhfeachtas téigh chuig https://www.localenterprise.ie/Fingal/Enterprise-Development/Look-for-Local/ agus spreagfar gníomhaireachtaí, gnóanna agus tomhaltóirí freisin chun #CuardaighgohÁitiúil a úsáid ar na meáin shóisialta chun cabhrú le tacaíocht a thabhairt don bhfeachtas.