Féachann an Chéad Chruinniú Mullaigh Scileanna le treisiú leis an bhforbairt fórsa saothair i bhFine Gall

Hosting a Skills Forum is one way Fingal County Council is working closely with businesses, industry, and education/training partners to deliver the "Future Fingal: Skills Strategy", building a future-ready workforce and a strong talent pipeline for the county

Mar chuid dá tiomantas d’fhórsa saothair oilte agus iomaíoch a thógáil, tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis an chéad Chruinniú Mullaigh Scileanna riamh dá cuid á óstáil chun naisc idir an lucht oideachais agus an lucht tionscail a neartú agus chun forbairt fórsa saothair a bhrú chun cinn ar fud an chontae.

Le linn an imeachta, tugadh léargais phraiticiúla d’fhostóirí ar na tacaíochtaí atá ar fáil chun daoine tallannacha nua a mhealladh agus chun foirne atá ann cheana a fheabhsú trí uasoiliúint agus trí athoiliúint chun freastal ar na riachtanais atá ag geilleagar a bhíonn ag athrú go mear.

Leis an gcruinniú mullaigh ‘Skills Forward: Unlocking Skills for Tomorrow’s Workforce’, a soláthraíodh i gcomhar le príomh-chomhpháirtithe amhail SOLAS, Fóram Réigiúnach Scileanna Bhaile Átha Cliath, an Roinn Coimirce Sóisialaí, Skillnet Ireland, Bord Oideachais agus Oiliúna Bhaile Átha Cliath agus Dhún Laoghaire, Bord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU), agus Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall, tugadh léargais luachmhara do ghnólachtaí ar na tacaíochtaí oideachais agus airgeadais atá ar fáil agus tugadh deiseanna dóibh líonrú le gnólachtaí áitiúla agus le scoileanna áitiúla.

Chuala lucht freastail an chruinnithe mullaigh ó phríomhphearsana i réimse na forbartha scileanna agus fórsa saothair, lena n-áirítear Nora Condon (SOLAS), a labhair faoin éileamh reatha ar scileanna in Éirinn, Kyle Butler (Intreo), a labhair faoi thacaíochtaí d’fhostóirí; agus an Dr Eilish McLoughlin (DCU), a labhair faoin gClár Intéirneachta Múinteoirí STEM.

The Skills Forum allowed businesses, industry, and education/training partners to deliver the "Future Fingal: Skills Strategy", building a future-ready workforce to come together to help boost workforce development in Fingal

Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Is é atá sa Chruinniú Mullaigh Scileanna seo ná garsprioc thábhachtach d’Fhine Gall. Tá ár gcontae lán de dhaoine tallannacha, d’uaillmhian agus de nuálaíocht, agus léirigh an cruinniú mullaigh seo an méid is féidir a dhéanamh nuair a oibríonn oideoirí, fostóirí, ceannairí pobail agus lucht an rialtas le chéile chun cuspóir comhroinnte a bhaint amach.

“Cabhróidh na léargais agus na gealltanais a tugadh inniu lena chinntiú go mbeidh ag gach duine i bhFine Gall, beag beann ar aois, na scileanna a theastaíonn uathu chun rath agus bláth a bhaint amach i ndomhan a bhíonn ag athrú go mear. Táimid ag tógáil todhchaí níos láidre, níos ionchuimsithí agus níos athléimní, áit a mbeidh deiseanna ar fáil do gach duine agus a mbeidh siad inrochtana ag gach duine.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na rannpháirtithe uile as a gcuid fuinnimh, smaointe agus comhoibrithe. Le chéile, táimid ag múnlú éiceachóras scileanna lena dtacófar lenár ngnólachtaí, lena gcumhachtófar ár bpobail, agus lena gcoinneofar Fine Gall i dtús cadhnaíochta maidir le fás agus nuálaíocht inbhuanaithe.”

Chomh maith leis sin, rinne na rannpháirtithe iniúchadh ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn sa tionscal, ar dheiseanna uasoiliúna agus athoiliúna, agus ar an tábhacht a bhaineann le hobair le Straitéis Scileanna Fhine Gall chun fanacht iomaíoch. Bhí painéal plé comhdhéanta de Terry Allen (Hawthorn Logistics Solutions), de Frank Kilbride (Aramex Ireland), de Natasha Kinsella (Fóram Réigiúnach Scileanna Bhaile Átha Cliath), agus de Rolando Cedeño (Esmark Finch), a thug léargais phraiticiúla ar conas is féidir an ceann is fearr a fháil ar dhúshláin earcaíochta agus oiliúna trí chomhoibriú le soláthraithe oideachais agus oiliúna.

shared practical insights on overcoming recruitment and training challenges through collaboration with education and training providers

Bhí ionadaíocht ag scoileanna áitiúla chomh maith, rud a chruthaigh spás le haghaidh idirphlé ar shocrúcháin oibre, ar ghairmeacha beatha, agus ar chonairí chun an bhreisoideachais. Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag obair i ndlúthchomhar le gnólachtaí, leis an lucht tionscail, agus le comhpháirtithe oideachais/oiliúna chun “Future Fingal: Straitéis Scileanna” a chur i gcrích, rud lena dtógfar fórsa saothair a bheidh ullamh don todhchaí agus píblíne láidir daoine tallannacha don chontae.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Straitéis Scileanna Fhine Gall 2024-2029, tabhair cuairt ar na naisc thíos.

Ba cheart d’aon daoine ar mhaith leo páirt a ghlacadh i bhfoghrúpaí na Straitéise Scileanna ríomhphost a sheoladh chuig:  [email protected] .