Faomhann Comhairleoirí Clár Caipitil €989m na Comhairle

Tá Clár Caipitil trí bliana de €989m Chomhairle Contae Fhine Gall ceadaithe ag Comhairleoirí a dhéanann soláthar d’infheistíocht shuntasach ar thionscadail ar fud an Chontae sa tréimhse ó 2023 go 2025.

Is ionann é agus méadú €205m ar an bPlean Caipitil roimhe seo agus sainaithníodh i gclár 2023-2025 266 tionscadal aonair le caiteachas measta de €988,990,218 thar na trí bliana.

Réamh-mheastar sa Chlár caiteachas caipitiúil de €269m i 2023, agus €354m ina dhiaidh sin i 2024 agus €366m eile i 2025.

Tá thart ar 55% den €989m leithdháilte ar Thithíocht agus tá an buiséad €543m mar thaca ag gealltanas na Comhairle clár tithíochta suntasach a sheachadadh faoi bheartas Tithíocht do Chách an Rialtais. Tá 15% eile, nó €146m, curtha in áirithe do thionscadail Forbartha Eacnamaíochta, Fiontair, Turasóireachta agus Cultúir. Tá €139m eile, nó 14%, curtha ar leataobh do thionscadail Phleanála agus Bonneagair Straitéisigh.

Beidh an 17% eile de chaiteachas an Chláir Chaipitil ar Chomhshaol, Gníomhú ar son na hAeráide agus Taisteal Gníomhach (€68m); Oibríochtaí agus Seirbhísí Uisce (€41m), Forbairt Pobail agus Spóirt (€35m) agus Gnóthaí Corparáideacha agus Rialachas (€17m).

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Is treochlár leathan é an Clár Caipitil de na tionscadail a bhfuilimid ag obair orthu. Tá siad go léir ag céimeanna éagsúla dá n-aistear ach léiríonn siad ár dtiomantas leanúint d'fheabhas a chur ar bhonneagar an chontae. De réir mar a thógaimid níos mó tithe dár ndaonra atá ag dul i méid, táimid ag cur gach rud eile a theastaíonn i bhfeidhm freisin chun a chinntiú go dtógfaimid pobail inbhuanaithe. Dírímid ar sheachadadh agus tá sé mar chuspóir againn a chinntiú go dtiocfaidh gach ceann de na 266 tionscadal sa Chlár Caipitil i gcrích ar deireadh thiar.”

Dúirt Oliver Hunt, Ceannaire Airgeadais Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá dul chun cinn na dtionscadal atá leagtha amach sa Chlár Caipitil ag brath go mór ar mhaoiniú a bheith ar fáil ón Státchiste, ar thobhaigh agus ar ár sruthanna ioncaim féin. Tá go leor oibre déanta againn ag aithint cad as a dtiocfaidh an t-airgead chun tionscadail a mhaoiniú. Is iad na tionscadail sin nach bhfuil an conair maoinithe díreach tugtha chun críche go fóill ná na cinn is mó atá i mbaol nach rachfar ar aghaidh leo agus beimid ag obair chun soiléiriú níos fearr a thabhairt ar mhaoiniú do na tionscadail áirithe sin thar an bhliain seo chugainn.”

Le 12 mhí anuas tá tionscadail ar nós Bóthar Pholl an Bhalla; Clós Súgartha na Sceirí; Conair Súgartha an Ráth Mhór Lusca; Grúpscéim Tithíochta Lána Steach Comhaill; agus tá athchóiriú an Halla Mhóir i gCaisleán Mhullach Íde tugtha chun críche. Tá dul chun cinn suntasach déanta freisin ar go leor tionscadal eile agus tá roinnt acu le bheith críochnaithe faoi dheireadh na bliana seo.

Faoi láthair tá 37 tionscadal Clár Caipitil ag an gComhairle ar fiú €177m iad ar an láthair agus áirítear orthu sin tógáil 156 teach i Church Fields, Radharc an Tobair agus Cappaghfinn agus uasghrádú ar Acomhal Bhóthar Snugborough ar an N3 ag Baile Bhlainséir.

Is féidir cur i láthair Chlár Caipitil 2023-2025 do chomhairleoirí a fheiceáil anseo.

 Tá cóip de Chlár Caipitil 2023-2025 ar fáil anseo.

Is clár rollach é an Plean Caipitil a athbhreithnítear go bliantúil toisc go bhféadfadh srianta ama agus srianta eile dul chun cinn na dtionscadal a athrú laistigh de thréimhse áirithe. Ní thugann cinneadh comhairleoirí an Plean Caipitil 2023-2025 a aontú faomhadh d’aon tionscadal aonair. Ní féidir é seo a dhéanamh ach amháin trí na gnáthphróisis reachtúla agus trí chomhlíonadh an Chóid Chaiteachais Phoiblí. Ní mór socruithe maoinithe a aithint go soiléir freisin agus a chinntiú sula ngealltar aon tionscadal.