Fáiltíonn an Chomhairle roimh aiseolas ar Thionscadal Nascachta R132 atá beartaithe

Comhairliúchán poiblí ar thionscadal nascachta R132 seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall.

R132 Connectivity Project 2

Comhairliúchán poiblí ar thionscadal nascachta R132 seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall. Tá se i gceist ag Comhairle Contae Fhine Gall, i gcomhar leis an Údarás Náisiúnta Iompair, nascacht trasna agus feadh an R132 a fheabhsú do choisithe agus do rothaithe. Tá sé i gceist oibreacha uasghrádaithe a dhéanamh ar an R132 i Sord.

 

Feabhsóidh na hoibreacha uasghrádaithe seo áiseanna ag príomhphointí trasnaithe agus eatarthu feadh an R132 mar atá leagtha amach thíos, a fheabhsóidh nascacht do choisithe agus do rothaithe atá ag taisteal ó dheas feadh agus siar trasna an R132. Cruthóidh na hoibreacha pointí trasnaithe a bheidh níos sábháilte agus níos áisiúla idir forbairtí atá ann cheana agus forbairtí atá beartaithe. Feabhsóidh sé seo an nascacht le háiseanna áitiúla ar nós stadanna bus freisin.

 

Seoladh comhairliúchán poiblí neamhreachtúil ar líne inniu agus fáiltíonn Comhairle Contae Fhine Gall roimh aon tuairimí ar an togra a d’fhéadfadh a bheith ag an bpobal. Cuimsíonn na hoibreacha beartaithe na nithe seo a leanas:

 

1. Oibreacha uasghrádaithe idir tuaisceart Thimpeallán Choc Pheannóg agus ó thuaidh ó Thimpeallán an Inbhir, chun suiteáil áiseanna cosanta nua rothar agus coisithe a éascú, lána bus amháin agus lána tráchta ginearálta amháin a choinneáil i ngach treo, guaillí crua agus/nó lánaí trácht ginearálta a bhaint, agus laghdú ar an luasteorainn go 50km/h

 

2. Trí phointe trasnaithe comhartharialaithe nua curtha feadh an R132 suite mar seo a leanas:

 

a. Ó thuaidh ó Thimpeallán Choc Pheannóg

b. In aice le tardroichead reatha Lána an tSéipéil/Ascaill Ashley

c. Ó thuaidh ó Thimpeallán an Inbhir

 

3. Athrófar na trí thimpeallán seo a leanas go crosbhealaí comhartharialaithe chun áiseanna do choisithe agus do rothaithe a éascú:

 

a. Timpeallán Bhóthar Mhullach Íde

b. Timpeallán Bhaile na Mara

c. Timpeallán an Inbhir

 

4. Dúnadh páirteach/iomlán nasc Bhóthar Draighneáin le Timpeallán R132 / Bóthar Mhullach Íde

 

Is é cuspóir na scéime seo, go príomha, nascacht agus sábháilteacht coisithe agus rothaithe a thaistealaíonn feadh agus trasna an R132 a fheabhsú. Le déanaí, d’fhoilsigh Comhairle Contae Fhine Gall, roinnt máistirphleananna agus beartas, a mholann, i dteannta le scéimeanna cosúil le MetroLink agus BusConnects, cineál an R132 a athrú, ó dháilbhóthar ardluais go ceann a fheidhmeoidh mar shráid uirbeach a bhfuil pointí trasnaithe sainithe aici, agus atá sábháilte agus áisiúil do gach úsáideoir bóthair. Tá an scéim seo ag teacht leis na pleananna náisiúnta agus áitiúla seo agus is í an chéad chéim í chun rochtain a fheabhsú do chách  trasna agus ar feadh an R132.

Dúirt Méara Fhine Gall an Chomhairleoir David Healy “Leis an scéim uaillmhianach seo feictear pleananna le haghaidh feabhsuithe suntasacha ar an R132 a dhéanfaidh taisteal gníomhach a éascú do choisithe agus do rothaithe agus a fheabhsóidh nascacht do ghnólachtaí áitiúla freisin. Mholfainn do gach duine páirt a ghlacadh sa phróiseas chomhairliúcháin. "

Agus é ag labhairt ag an seoladh chun an chomhairliúcháin phoiblí don tionscadal seo a cheiliúradh, rinne Stiúrthóir Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh Matthew McAleese grúpaí agus daoine leasmhara a spreagadh a dtuairimí a chur in iúl: “Tá an scéim seo ag teacht leis na pleananna náisiúnta agus áitiúla seo agus is í an chéad chéim í maidir rochtain trasna agus feadh an R132 a fheabhsú do chách agus is deis tábhachtach do gach duine í an chomhairliúchán poiblí chun a chinntiú go ndéantar a dtuairimí a chur san áireamh. Molaimid go láidir do gach duine no grúpa ar spéis leo an scéim a bheith rannpháirteach sa phróiseas. Cruthóidh na hoibreacha seo ardleibhéil sábháilteachta do choisithe agus do rothaithe agus athróidh siad cineál an R132 go bóthar atá sábháilte agus áisiúil do gach úsáideoir bóthair. Beidh leibhéal rialaithe níos fearr ann d'fheithiclí a théann tríd an acomhal mar gheall ar na hacomhail comhartharialaithe beartaithe agus cuirfidh siad luasanna feithiclí níos ísle chun cinn rud a chuirfidh le sábháilteacht i gcoitinne ar an mbealach seo ”.

Tá na pleananna molta agus na tuarascálacha agus an t-eolas maidir le haighneachtaí don scéim bheartaithe ar fáil ar líne ag https://consult.fingal.ie/ga/browse . Féadfar aighneachtaí nó tuairimí ar an scéim bheartaithe a chur isteach ón 17 Samhain 2020 agus caithfidh siad a bheith faighte tráth nach déanaí ná 5i.n. an 15 Nollaig 2020.

 

 

 

 

R132 Connectivity Project