Faighteoir Dhámhachtain Stiúideo Theach Bád Loch Sionnaigh 2026

Tá áthas ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt gurb í Martina O’Brien faighteoir Dhámhachtain Stiúideo Theach Bád Loch Sionnaigh. 

Tá áthas ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt gurb í Martina O’Brien faighteoir Dhámhachtain Stiúideo Theach Bád Loch Sionnaigh.  Is é cuspóir na dámhachtana seo ná stiúideo lánchistithe a sholáthar d’amharc-ealaíontóir gairmiúil chun taighde agus forbairt a dhéanamh ar shaothar nua mar fhreagairt do thimpeallacht chósta Loch Sionnaigh agus na gceantar máguaird.

Tá imeallbhord Fhine Gall ina thaitneamhacht nádúrtha iontach agus ina acmhainn thábhachtach fiadhúlra don raon leathan plandaí agus ainmhithe a chónaíonn san éagsúlacht gnáthóg atá le fáil timpeall a chladach.  Soláthraíonn an tionscnamh seo cistiú chun a chur ar chumas an ealaíontóra bithéagsúlacht agus gnáthóga cósta Fhine Gall a bhreathnú agus a iniúchadh, mar aon le tionchair Fhine Gall ar an athrú aeráide a bhreathnú agus a iniúchadh.  An t-iartheach bád, atá suite i sráidbhaile álainn cois cósta Loch Sionnaigh, beidh sé ina spás iontach don ealaíontóir chun taighde a dhéanamh, chun idirghníomhú le heolaithe comhshaoil agus chun caidreamh a dhéanamh le pobail áitiúla. Mar chuid dá cónaitheacht naoi mí ó mhí Mheán Fómhair 2026 go mí na Bealtaine 2027, forbróidh agus cruthóidh Martina saothar nua a dhíreoidh ar thimpeallacht mhuirí Fhine Gall. 


Le linn na cónaitheachta, díreoidh sí ar éiceolaíochtaí idirthaoideacha, ar sholas agus ar pholaitíocht na hinfheictheachta. Go háirithe, breithneoidh sí conas a athmhúnlaíonn patrúin athraitheacha solais oíche na héiceachórais mhuirí agus conas is féidir dul i ngleic le dorchú an chósta, ní hamháin mar fheiniméan comhshaoil, ach freisin mar chreat coincheapúil trínar féidir smaoineamh ar shoilsiú, ar dhoiléire agus ar chúram laistigh de thimpeallachtaí uiscí.

martina obrien

Dúirt an Comh. Tony Murphy, Méara Fhine Gall: “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Martina O’Brien as a bheith roghnaithe don dámhachtain seo, a thugann deis luachmhar chun caidreamh a dhéanamh lenár dtimpeallacht chósta. Táim ag tnúth le tionchar na cónaitheachta seo ar a cleachtas agus ar ár bpobal i gcoitinne a fheiceáil.”

Dúirt Sarah O’Neill, Oifigeach Ealaíon an Chontae: “Tá áthas orm a fhógairt gurb í Martina O’Brien faighteoir na Dámhachtana Stiúideo i Loch Sionnaigh. Tá an dámhachtain seo ina léiriú ar thiomantas leanúnach Chomhairle Contae Fhine Gall do thacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí chun saothar uaillmhianach agus nuálach a fhorbairt, agus deiseanna á gcur ar fáil ag an am céanna le haghaidh malartú comhoibríoch cuimsitheach le pobail agus le heolaithe.” 

Maidir leis an dámhachtain a fháil, dúirt Martina: “Tá ríméad orm Dámhachtain Stiúideo Theach Bád Loch Sionnaigh a fháil. A bhuí leis an gcónaitheacht seo, tabharfar dom an t-am agus an spás a theastaíonn go géar uaim chun taighde nua a fhorbairt agus chun gnéithe comhoibríocha agus turgnamhacha de mo chleachtas a leathnú, le tacaíocht ó rochtain ar spás tiomnaithe stiúideo.”

art

Teideal íomhá: Minute Bodies le Martina O’Brien

 

Is amharc-ealaíontóir atá lonnaithe in Éirinn í Martina O’Brien. Ghlac sí páirt i roinnt taispeántas agus cónaitheachtaí ealaíontóra in Éirinn, thar lear agus ar muir. Le roinnt blianta anuas, is bonn eolais faoina cleachtas taighdebhunaithe é caidreamh marthanach le speisialtóirí sa gheolaíocht, san eolaíocht aeráide agus san éiceolaíocht mhuirí. Fuair sí dámhachtainí agus tacaíocht ó eagraíochtaí amhail Comhairle Ealaíon na hÉireann, Éire Ildánach, Create, an Coimisiún Eorpach, an tAontas Eorpach, Goethe-Institut, Seirbhís Ealaíon Chill Dara, agus dámhachtain Choimisiún Amharc-ealaíon Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin.

 

I measc na dtaispeántas aonair a bhí aici le déanaí tá taispeántais in Municipal Gallery dlr Lexicon (2025), in Ionad Ealaíon na Gaillimhe (2024), agus in Highlanes Municipal Gallery (2023). Tá siad seo a leanas i measc na dtaispeántas beirte, na dtaispeántas grúpa agus na dtaispeáintí a bhí aici le déanaí: ARTWORKS, VISUAL (2026); A Spontaneous Cairn, Ormston House (2026); SUPERMARKET, Stockholm Independent Art Fair, arna choimeád ag Interface Inagh (2026); CALOIRE, Science Gallery Bengaluru, an India (2025/26); EARTH RISING, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (2025); DISSOLUTIONS, arna choimeád ag aemi (2024); EARTH RISING, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann (2024); agus Holdings, Ionad Ealaíon Solstice (2023).

 

Tá na cónaitheachtaí seo a leanas i measc na gcónaitheachtaí ealaíontóra a bhí aici le déanaí: Ealaíontóir Cónaithe Comhchruthaitheach Saotharlainne, Ollscoil Mhá Nuad agus Comhairle Contae Chill Dara (2025); Ealaíontóir Cónaithe Náisiúnta Artlink (2025); Garden Studio, Butler Gallery (2025); Arctic Deep, Turas Taiscéalaíochta Extreme24 san Aigéan Artach NO(2024); Turas Taiscéalaíochta Mara Ollscoil Osló, Oslofjord NO(2024); Turas Taiscéalaíochta Mara ATU, an tAigéan Atlantach Thoir Thuaidh (2023); Saotharlann Ealaíontóra, Tailte Devenish i nDubhadh, Ionad Ealaíon Solstice (2023); Cónaitheacht Taighde Tírdhreacha, Éiceolaíochta agus Comhshaoil, Ionad Dealbhóireachta Liatroma (2022); agus Ealaíontóir Cónaithe an Ionaid Éireannaigh um Thaighde i nGeo-eolaíochtaí Feidhmeacha de chuid Stiúideo Parity COBÁC (2020- 2022).

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach: www.fingalarts.ie agus www.fingal.ie 

www.martinaobrien.com

Íomhánna: Martina O’Brien agus Minute Bodies, 2025, suiteáil físeáin 6 chainéal, Coimisiún Amharc-ealaíon ó Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Gallery dlr Lexicon, le caoinchead ón ealaíontóir.