Eisíodh Fógraí sealadacha Ná Snámh do Thrá Theas na Sceirí, Baile Brigín agus An Ros Thuaidh

Eisíodh Fógraí sealadacha Ná Snámh inniu do Thrá Theas na Sceirí, Trá Thuaidh An Rois agus Baile Brigín ar feadh 4 lá  mar gheall ar mhéadú leibhéal na mbaictéar a fuarthas sa sampla uisce a tógadh Dé Máirt 25 Lúnasa 2020.

Ba í an chúis is dóichí ná éilliú ó gníomhaíocht uirbeach nó talmhaíochta chuig uiscí dromchla. 

Tá sampláil d’uisce snámha beartaithe don Déardaoin 27 Lúnasa beidh na torthaí ar fáil Dé Sathairn 29 Lúnasa agus eiseofar nuashonrú ag an bpointe sin.

Tá na tránna fós ar oscailt ach iarrtar ar úsáideoirí trá cloí leis an an bhfógra ‘Ná Snámh’ mar cuireadh i bhfeidhm é chun a chinntiú nach gcuirtear sláinte snámhóirí i mbaol.

Is féidir le baill an phobail cáilíocht an uisce ag aon cheann de na huiscí snámha a ndéantar monatóireacht orthu in Éirinn a sheiceáil roimh ré trí rochtain a fháil ar láithreán gréasáin an EPA ag www.beaches.ie nó tríd an gclár fógraí ag an mbealach isteach chuig gach trá a sheiceáil.