Eisíodh Fógradh sealadach Ná Snámh inniu do Thrá Mhullach Íde

Eisíodh Fógradh sealadach Ná Snámh inniu do Thrá Mhullach Íde ar feadh 72hr mar gheall ar mhéadú leibhéal na mbaictéar a fuarthas sa sampla uisce a tógadh Dé Máirt 3 Lúnasa 2021.

Do Not Swim Malahide

Eisíodh Fógradh sealadach Ná Snámh inniu do Thrá Mhullach Íde ar feadh 72hr mar gheall ar mhéadú leibhéal na mbaictéar a fuarthas sa sampla uisce a tógadh Dé Máirt 3 Lúnasa 2021.

Tógadh sampla 5 Lúnasa beidh na torthaí ar fáil 7 Lúnasa agus eiseofar nuashonrú ag an bpointe sin.

Fuarthas go raibh cáilíocht uisce Den Scoth ag 10 gcinn de na 11 thrá a ndearnadh tástáil orthu 3 Lúnasa agus  tógfar na chéad shamplaí eile an 17 Lúnasa agus beidh na torthaí dlite dhá lá ina dhiaidh sin. 

Tá an trá fós ar oscailt ach iarrtar ar úsáideoirí trá cloí leis an an bhfógra ‘Ná Snámh’ mar cuireadh i bhfeidhm é chun a chinntiú nach gcuirtear sláinte snámhóirí i mbaol.

Is féidir le baill an phobail cáilíocht an uisce ag aon cheann de na huiscí snámha a ndéantar monatóireacht orthu in Éirinn a sheiceáil roimh ré trí rochtain a fháil ar láithreán gréasáin an EPA ag www.beaches.ie nó tríd an gclár fógraí ag an mbealach isteach chuig gach trá a sheiceáil.