Éilítear ar dhaoine aire a thabhairt ar na bóithre agus ar an uisce le linn Dhéardaoin an Ómra sula gcuirfear tús le spraoi na Saoire Bainc

Is chomhthionscnamh tras-seirbhíse é Déardaoin an Ómra chun Sábháilteacht Dóiteáin, Bóthair agus Uisce a chur chun cinn ar an Déardaoin roimh dheireadh seachtaine saoire bainc mhí Lúnasa. Tá roinn Taistil Ghníomhaigh agus roinn Oibríochtaí Chomhairle Contae Fhine Gall ag obair i gcomhair leis an RNLI, le Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath, agus leis an gCosaint Shibhialta chun impí ar an bpobal iad féin a choinneáil slán nuair atá siad ag taisteal nó scíth á ligean acu i rith an deiridh seachtaine fhada.

De réir mar a thugann na mílte daoine aghaidh ar na tránna, na haibhneacha agus na linnte is iomaí duine eile a bheidh ag tabhairt faoin mbóthar, a bheidh ag dul ag campáil nó a bheidh ag lasadh an bheárbaiciú sa bhaile ina ngairdín féin nó as baile. Bíonn gné thábhachtach sábháilteachta agus feasachta ag baint leis na gníomhaíochtaí sin ar fad. Faraor, tá taithí ag go leor againn a bheith ag éisteacht le nuacht faoi thimpistí agus faoi ghortaithe a tharlaíonn ar bhóithre na tíre, sa bhaile, ar mhuir agus ar uiscebhealaí na tíre.

Amber Thursday

Is ar Déardaoin, an 29 Iúil, a reáchtáiltear 'Déardaoin an Ómra' den chéad uair, imeacht a reáchtáiltear i gcomhar idir comhlachtaí sábháilteachta, seirbhísí dóiteáin agus údaráis áitiúla chun sábháilteacht dóiteáin, bóthair agus uisce a chur chun cinn i rith an deiridh seachtaine saoire bainc chun a chinntiú go mbeidh daoine ar an eolas maidir leis na baoil agus contúirtí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin.

'Ní fhacthas Samhradh mar é riamh cheana go dtí seo agus cé gur iontach a bhí sé daoine a fheiceáil ag baint sult as an dea-aimsir agus as an saoirse a bhaineann leis an saol amuigh faoin spéir, is den ríthábhacht go leanfaimis treoir sláinte agus sábháilteachta poiblí' a dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána ORodaigh.

Luaigh John Quinlivan, Stiúrthóir Seirbhísí um Ghnóthaí Corparáideacha agus Rialachas Chomhairle Contae Fhine Gall an tuairim céanna; 'Tá mórtas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a bheith páirteach sa tionscnamh Déardaoin an Ómra. Oibríonn Foirne Sábháilteachta Bóthair agus foireann ar fad Chomhairle Contae Fhine Gall i gcaitheamh na bliana chun fóntais, bonneagar agus seirbhísí freagartha a chur ar fáil ar mhaithe le taisteal sábháilte agus le fóillíocht shábháilte. Táimid ag iarraidh go mbeidh saoire bainc slán agus taitneamhach ag gach duine a chónaíonn i bhFine Gall agus ag cuairteoirí chuig Fine Gall an deireadh seachtaine seo.

RNLI Amber Thursday

Bíonn oifigigh a chuireann sábháilteacht dóiteáin, sábháilteacht uisce agus sábháilteacht bóthair chun cinn ag díriú go mór ar shaoire bainc mhí Lúnasa i gcónaí, agus i mbliana, bunaíodh feachtas cur chun cinn trasghníomhaireachta comhpháirteach náisiúnta chun feasacht a ardú maidir leis an trí ghné sábháilteachta agus muid ag teannadh leis an deireadh seachtaine gnóthach seo, is é sin, Déardaoin an Ómra.

'Má bhíonn trioblóid agat san uisce, déan iarracht fanacht ar barr uisce chun go mbeidh deis níos fearr agat teacht slán agus fan go mbeidh an croitheadh de bharr an uisce fuar maolaithe. Má thugann tú duine faoi deara agus é i dtrioblóid san uisce cuir sin in iúl do gharda tarrthála nó glaoigh ar an uimhir 999 nó 112 ar an bpointe. Glaoigh agus ná fan go ndéanfaidh duine éigin eile é. Cuireadh 945 bád tarrthála i bhfarraige in Éirinn anuraidh chun cuidiú le daoine a bhí i dtrioblóid ar an uisce. Tá sé fíorthábhachtach go léiríonn muid ar fad ómós don uisce' a dúirt Niall McGrotty, Bainisteoir Oibríochtaí Bád Tarrthála RNLI na Sceirí.

Léiríonn an dath ómra contúirt nó rabhadh agus úsáidfear #AmberThursday chun comhairle agus treoir don phobal a chur chun cinn an deireadh seachtaine seo. 

'Bíonn an-éileamh ar na Seirbhísí Éigeandála an t-am ar fad agus táimid ag impí ar an bpobal treoirlínte sláinte poiblí agus sábháilteachta a chomhlíonadh chun an t-éileamh sin a laghdú agus gach duine a choinneáil slán an deireadh seachtaine seo', a dúirt Aiden Hanna, Oifigeach Cosanta Sibhialta Cúnta.

Tá an deireadh seachtaine seo ach go háirithe fíorghnóthach go deo do chomhraiceoirí dóiteáin a nglaoitear orthu chuig eachtraí éagsúla lena n-áirítear tinte sléibhe, dóiteáin foraoise, tinte lasmuigh, tinte de bharr beárbaiciú nó tinte baile agus imbhuailtí tráchta. 'Tá sé feicthe againn le cúpla seachtain anuas an damáiste atá tinte sléibhe in ann a dhéanamh, agus chomh héasca is a thosaíonn agus a scaipeann siad. Ná las tine champa i bhforaoisí, i bpáirceanna ná i limistéir fhiáine. Má tá tú ag baint sult as beárbaiciú sa bhaile, coinnigh leanaí agus ainmhithe amach ón áit ina bhfuil tú ag cócaráil agus bíodh buicéad uisce nó gainimh in aice láimhe i gcónaí chun na bladhmanna a mhúchadh má théann siad thar fóir, a dúirt Dennis Keeley, Príomh-Oifigeach Dóiteáin Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath.

Amber Thursday Dublin Fire Brigade

Beidh Oifigigh Coiscthe Dóiteáin, Oifigigh Sábháilteachta Bóthair, Oifigigh Forbartha Sábháilteachta Uisce, Gardaí Tarrthála agus Gardaí Pobail ag obair i gcomhar chun sábháilteacht dóiteáin, sábháilteacht bóthair agus sábháilteacht uisce a chur chun cinn ina n-áiteanna féin Déardaoin an 29 Iúil roimh dheiridh seachtaine saoire bainc mhí Lúnasa nó roimhe.

Tacaíonn Comhairle Contae Fhine Gall chomh maith le hÚdaráis Áitiúla eile ar fud na hÉireann, Cumann na bPríomh-Oifigeach Dóiteáin, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, Sábháilteacht Uisce na hÉireann agus Oifigigh Sábháilteachta Bóthair na nÚdarás Áitiúil le Déardaoin an Ómra.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag amberthursday.ie

Amber Thursday Road Safety Officer