Dúnadh Bhóthar Ráth an Chrúisigh R121 ag Timpeallán Bhóthar na Coirre Duibhe ón 14 Meán Fómhair go 27 Samhain

Dúnfar Bóthar Ráth an Chrúisigh R121 ó Thimpeallán Bhóthar na Coirre Duibhe go dtí an Timpeallán ar Bhóthar an Teampaill / Ascaill Bhaile Dama ón 14 Meán Fómhair go dtí an 27 Samhain 2020

r121 Alexion

Tá Uisce Éireann, ag obair i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Fhine Gall, i mbun mórthionscadail uasghrádaithe líonra uisce feadh Bhóthar Ráth an Chrúisigh R121 idir timpeallán Bhaile Cúlann (acomhal Bhóthar na Coirre Duibhe agus Bhóthar Bhaile Cúlann) agus an tsaoráid nua Alexion. Tá David Walsh Civil Engineering ag obair ar son Uisce Éireann chun an tionscadal seo a sheachadadh.

Is éard atá i gceist leis na hoibreacha beartaithe príomhphíobán uisce nua thart ar 700m feadh Bhóthar Ráth an Chrúisigh R121 ó Thimpeallán Bhóthar na Coirre Duibhe go dtí an bealach isteach chuig stáisiún caidéalúcháin atá ann cheana in aice le Saoráid Alexion (Líne Ghorm ar Drg. 80172-001 ceangailte). Cuireadh tús leis an obair seo an tseachtain seo agus measann Uisce Éireann go mairfidh na hoibreacha seo thart ar 13 seachtaine.

Ba mhaith le Uisce Éireann a chur in iúl duit go bhfuil sé i gceist ag David Walsh Civil Engineering Bóthar Ráth an Chrúisigh R121 a dhúnadh chun na hoibreacha seo a éascú ó Dé Luain an 14 Meán Fómhair 2020. Dúnfar Bóthar Ráth an Chrúisigh R121 ó Thimpeallán Bhóthar na Coirre Duibhe go dtí an Timpeallán ar Bhóthar an Teampaill / Ascaill Bhaile Dama. Beidh córas aon-treo i bhfeidhm ar thrácht ag dul Soir (ag dul i dtreo Lár na Cathrach), agus cuirfear trácht Siar (ag dul go Baile Dama / Baile an Tirialaigh) ar mhalairt slí chuig Bóthar na Coirre Duibhe agus ar ais ar an R121 ag timpeallán Bhóthar Bhaile an Alabhóidigh (féach Drg. Alexion Tm – 001 ceangailge). 

Meastar go mbeidh an córas aon-treo seo i bhfeidhm suas go dtí an 27 Samhain 2020.

Gabhaimid leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht a chruthaíonn an obair riachtanach seo. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, téigh i dteagmháil le foireann an tionscadail ar 087 161 8309 nó ríomhphost [email protected] .

 

 

r121 Alexion 2