Dréacht-Chomhairliúchán Treorach um Chomharthaíocht Oidhreachta agus Chonairí Oidhreachta

D’fhorbair Comhairle Contae Fhine Gall Dréacht-Threoir um Chomharthaíocht Oidhreachta & Chonairí Oidhreachta d’fhonn treoir agus comhairle shoiléir a sholáthar maidir le conas comharthaíocht oidhreachta agus conairí oidhreachta a fhorbairt - agus ba mhaith leo do thuairim a fháil

Heritage Sign

D’fhorbair Comhairle Contae Fhine Gall Dréacht-Chomhairliúchán Treorach um Chomharthaíocht Oidhreachta & Chonairí Oidhreachta d’fhonn treoir agus comhairle shoiléir a sholáthar maidir le conas comharthaíocht oidhreachta agus conairí oidhreachta a fhorbairt - agus ba mhaith leo do thuairim a fháil!

Féadann comharthaíocht léirmhínitheach suíomhanna oidhreachta cur go mór le tuiscint agus taitneamh cuairteoirí ar an láithreán agus féadann sé suntasacht láithreáin a aibhsiú, feasacht a mhúscailt agus bíonn sí ina huirlis thábhachtach cumarsáide agus oideachais. Mar an gcéanna má dhéantar comharthaíocht go míchúramach, má chuirtear i ndrocháit í nó má ionchorpraíonn sí faisnéis mhíchuí nó as dáta, beidh drochthionchar aici ar láithreán. Bíonn sé deacair freisin fios a bheith agat conas tabhairt faoin bpróiseas chun comharthaíocht oidhreachta a fháil.

Forbraíodh an Dréacht-Threoir um Chomharthaíocht Oidhreachta agus Chonairí Oidhreachta chun treoir agus comhairle shoiléir a sholáthar don phobal agus do pháirtithe leasmhara maidir leis an gcleachtas, na nósanna imeachta agus na riachtanais is fearr chun comharthaí oidhreachta agus conairí oidhreachta a fhorbairt i bhFine Gall; an taitneamhacht agus an taitneamh a bhaintear as spásanna agus ceantair phoiblí a chosaint trí chomharthaíocht oidhreachta iomchuí a chinntiú laistigh de na háiteanna poiblí sin agus próiseas comhaontaithe a bhunú d’fhorbairt chomhtháite comharthaíochta oidhreachta agus conairí oidhreachta ar fud an Chontae. Tá deis anois ag an bpobal a dtuairim a thabhairt ar an doiciméad seo trí phróiseas Comhairliúcháin Neamhreachtúil.

Ag labhairt dó faoin Dréachtchomhairliúchán Treorach dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: ‘Mholfainn do dhaoine dul i mbun an phróisis chomhairliúcháin seo. Tá go leor páirtithe leasmhara éagsúla i gceist le comharthaíocht, mar sin tá sé tábhachtach próiseas comhaontaithe a bhunú maidir le forbairt chomhtháite conairí oidhreachta ar fud an Chontae.'

‘Ní bhaineann léirmhíniú oidhreachta le comharthaíocht amháin’ a dúirt Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall, Christine Baker, ceann de na chéad cheisteanna a chuireann an doiciméad seo ná an bhfuil gá le comharthaíocht? Tá go leor bealaí éagsúla ann, ó threoracha agus aipeanna go físeáin agus podchraoltaí, chun aird a tharraingt ar an oidhreacht i do cheantar. Tá an Dréacht-Threoir um Chomharthaíocht Oidhreachta seo deartha chun an próiseas a dhéanamh níos soiléire agus níos éasca do na grúpaí leasmhara go léir atá ag déanamh an oiread sin chun aird a tharraingt ar ár n-oidhreacht ’.

Tá a shraith comharthaíochta féin ag Fine Gall a cuireadh in airde le déanaí i Ros agus i mBaile Brigín. Spreagann an Dréacht-Treoir foirmliú pleananna ateangaireachta chun na roghanna ateangaireachta is fearr a bhunú do cheantar agus do phobal chun teacht ar an lucht spéise is mian leo a chur ar an eolas agus a mhealladh. Cuimsíonn an Treoir faisnéis freisin maidir le cinneadh a dhéanamh ar an áit is fearr; cad ba cheart a bheith san áireamh san ábhar, agus breac-chuntas ar na ceadanna a theastaíonn.

‘Teastaíonn aighneachtaí, barúlacha agus tuairimí uainn ó bhaill an phobail’ a dúirt Christine Baker ‘ionas gur féidir linn tacú leis an nuálaíocht agus an díograis i leith na hoidhreachta i bpobail ar fud Fhine Gall’.

Is féidir Aighneachtaí / Barúlacha a dhéanamh ar líne ag https://consult.fingal.ie nó i scríbhinn chuig an Oifigeach Oidhreachta, an Rannóg Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, an Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, K67X8Y2. Tá an dréachtcháipéis ar fáil lena feiceáil ar fingal.consult.ie go dtí Dé hAoine an 29 Eanáir, 2021.