Deonaíonn Comhairle Contae Fhine Gall macasamhail den Taispeántas Chreachadh Bhaile Brigín

Bhronn Leabharlanna Contae Fhine Gall macasamhail den Taispeántas Chreachadh Bhaile Brigín (comhdhéanta de 6 phainéal) ar Chumann Staire Bhaile Brigín agus a Cheantair.

Sack of Balbriggan Exhibition Replica

Reáchtáladh an bronnadh oifigiúil an 16 Nollaig os comhair Leabharlanna, Staidéar Áitiúil agus Seirbhís Chartlainne Fhine Gall ar 46 Sráid Thuaidh, Sord. I láthair bhí Grainne Maguire ag déanamh ionadaíochta ar Mhéara Fhine Gall, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall Anne Marie Farrelly, Stiúrthóir Seirbhísí Emer O'Gorman, Leabharlannaí Contae Betty Boardman, Cathaoirleach Chumann Staire Bhaile Brigín agus a Cheantair agus ball den Choiste, Brian Howley le May McKeon agus Jim Walsh ón gCumann, Leabharlannaí Sinsearach um Staidéar Áitiúil Catherine Keane le Brian Kavanagh.

Dúirt Betty Boardman, Leabharlannaí Contae Fhine Gall: “Tá an-áthas orm macasamhail den Taispeántas Chreachadh Bhaile Brigín a chur i láthair do Chumann Staire Bhaile Brigín agus a Cheantair. Sa taispeántas, léirítear go beoga an tionchar a bhí ag Creachadh Bhaile Brigín ar an mbaile agus ar a áitritheoirí, agus bhí an Cumann chun tosaigh chun Comóradh Céad Bliain na hócáide a cheiliúradh i mbliana.”

An Clr. Dúirt Grainne Maguire, a raibh ag déanamh ionadaíochta ar Mhéara Fhine Gall ag an mbronnadh: “Tá obair den scoth á dhéanamh ag Cumann Staire Bhaile Brigín agus a Cheantair ar aird a tharraingt ar stair Bhaile Brigín agus í a chur chun cinn. Taispeánann an taispeántas seo ceann de na chuimhneacháin is tábhachtaí i stair an bhaile agus ba cheart go bhfaigheadh gach duine i mBaile Brigín an deis an taispeántas a fheiceáil chun níos mó a fhoghlaim faoi stair an bhaile."

Dúirt AnnMarie Farrelly Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Bhí ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall an taispeántas macasamhla seo a chur i láthair ina dtaispeántar ceann de na hamanna is stairiúla i stair Bhaile Brigín agus Fhine Gall. Ba mhaith liom Leabharlanna Fhine Gall agus ár gCartlannaí Contae a mholadh as a gcuid oibre iontaí sna cuimhneacháin i mbliana."

Chuir Leabharlanna Fhine Gall taispeántas ar fáil i rith 2020 faoi Chreachadh Bhaile Brigín. Is í Catherine Keane, Leabharlannaí Sinsearach, Staidéar Áitiúil agus Cartlann Fhine Gall a choimeádann an taispeántas san Atrium i Halla an Chontae, Sord atá ar taispeáint ó mhí Mheán Fómhair ionas go mbeadh sé ar siúl ag an am céanna le comóradh Chreachadh Bhaile Brigín. Féadtar breathnú ar líne ar an taispeántas seo.

Bunaíodh Cumann Staire Bhaile Brigín agus a Cheantair sa bhliain 1981 agus é mar aidhm spéis a chur chun cinn i stair áitiúil Bhaile Brigín agus an Cheantair trí léachtaí, foilseacháin agus taispeántais agus Músaem a bhunú i gCeantar Bhaile Brigín.

Bhronn Cathaoirleach Chumann Staire Bhaile Brigín agus a Cheantair agus ball den Choiste, Brian Howley ceann dá mbonn cuimhneacháin freisin ar Mhéara Fhine Gall, ar an bPríomhfheidhmeannach, ar Stiúrthóir Seirbhísí Emer O'Gorman agus ar Leabharlannaí Contae Betty Boardman.