Deis do Ghnólachtaí agus Nuálaithe i bhFine Gall iarratas a chur isteach ar Fhiontraíocht Ghlas 2020: Nuálaíocht don Gheilleagar Ciorclach

Tacaíonn Comhairle Contae Fhine Gall leis an nglao ar iarratais don chlár Fiontraíocht Ghlas 2020: Nuálaíocht don Gheilleagar Ciorclach de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) i gcomhar leis an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil. Cuireann Comhairle Contae Fhine Gall fáilte roimh ghnóthaí agus nuálaithe ar mian leo iarratas a chur isteach ar an maoiniú dul i mbun oibre i gcomhar léi maidir le tionscadail incháilithe.

2020 Circular Economy Launch Atrium picture 2

Is deis é seo do ghnólachtaí agus nuálaithe i bhFine Gall roinnt den mhaoiniú €600,000 a fháil chun réitigh atá réidh le bheith ina ngnó sa gheilleagar ciorclach a fhorbairt agus a léiriú in éineacht le Comhairle Contae Fhine Gall. Is ionann an deontas uasta d'aon tionscadal amháin agus €100,000.

Tá léirithe spéise ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle ar www.fingal.ie. Is féidir leat na foirmeacha riachtanacha a fháil anseo Léiriú Spéise Fiontar Glas 2020 agus nuair a bheidh siad comhlánaithe ba chóir iad seo a sheoladh chuig [email protected] faoi 17.00 uair an chloig Dé hAoine 17 Iúil 2020.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: "Agus muid ag iarraidh teacht chugainn féin ón bpaindéim Covid-19, tá nuálaíocht agus tacaíocht ón bpobal gnó de dhíth orainn chun tacú le gach duine i bhFine Gall. Ag an am céanna, mar gheall ar an dúshlán an-mhór a bhaineann leis an aistriú i dtreo geilleagar inbhuanaithe, ní mór dúinn smaoineamh as an nua faoi conas a úsáidimid acmhainní. Beidh gnólachtaí ag croílár an aistrithe seo agus tugann Comhairle Contae Fhine Gall spreagadh do ghnólachtaí agus nuálaithe plé leis na deiseanna agus dúshláin a bhaineann leis an ngeilleagar ciorclach ."

Is tionscnamh é an Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl (CNCD) chun feabhas a chur ar iomaíochas agus costais ghnó a laghdú ach cláir a sholáthar a spreagann éifeachtúlacht acmhainne, is é sin costas a laghdú trí ábhair atá á n-úsáid cheana a athúsáid chun críche eile sa gheilleagar ciorclach. Tacaíonn an clár 'Fiontraíocht Ghlas: Nuálaíocht don Gheilleagar Ciorclach' de chuid na GCC le cuir chuige nua i leith an gheilleagair chiorclaigh a fhorbairt. Díríonn Glao 2020 na GCC ar nuálaíocht ghnó faoi na téamaí seo a leanas:

  1. Dramhbhia
  2. Dramhaíl Tógála agus Scartála
  3. Plaistic
  4. Acmhainní agus amhábhair (trealamh leictreach agus leictreonach, teicstíl, troscán)

Ní chlúdaíonn Glao 2020 nuálaíocht a bhaineann le fuinneamh, gluaiseacht agus córais uisce, mar tá siad clúdaithe ag tionscnaimh eile.

Díríonn an geilleagar ciorclach ar ár spleáchas ar amhábhair a iompórtáiltear ó thíortha thar lear a laghdú agus ar an aistriú i dtreo bainistíocht ábhar inbhuanaithe agus geilleagar ísealcharbóin, ar tosaíochtaí iad an dá rud sin do Chomhairle Contae Fhine Gall ina Plean Gníomhaíochta um an Athrú Aeráide.

Dúirt Emer O'Gorman, Stiúrthóir Fiontraíochta Eacnamaíoch agus Turasóireachta Chomhairle Contae Fhine Gall: "Deis iontach é seo do ghnólachtaí oibriú i gcomhar le Comhairle Contae Fhine Gall chun samhail ghnó a chur in oiriúint don gheilleagar ciorclach. Tacóidh sé sin le baint amach na gcuspóirí Corparáideacha atá ag an gComhairle maidir leis an nGeilleagar Ciorclach agus Gnó Inbhuanaithe. Fad a oibrímid chun tacú leis an ngeilleagar áitiúil teacht chuige féin i ndiaidh na paindéime Covid-19, tá deis mhaith againn anois iarracht a dhéanamh smaointe nuálacha a thabhairt isteach chun feabhas a chur ar an ngeilleagar áitiúil."

Tugann Comhairle Contae Fhine Gall spreagadh do ghnólachtaí agus nuálaithe glao na GCC a fhreagairt le scrúdú a dhéanamh ar bhealaí nua chun cur le luach, chun úsáid a bhaint as ábhair, táirgí agus sócmhainní agus chun rudaí a dhearadh ionas nach mbeidh dramhaíl ann. Táimid ag déanamh athrú ó bhonn ar an mbealach a n-oibrímid, a gcónaímid agus a n-úsáidimid earraí/ábhair i bhFine Gall chun go mbeidh samhail níos inbhuanaithe sa chontae. Tacaímid go háirithe leis an gcoincheap Siopadóireacht Áitiúil a raibh a thábhacht le feiceáil le linn na srianta sláinte poiblí a bhí i bhfeidhm le déanaí.

Dúirt Ethna Felten, Stiúrthóir Comhshaoil agus Gníomhaithe ar son na hAeráide i gComhairle Contae Fhine Gall: "Mar chuid den Phlean Gníomhaíochta um an Athrú Aeráide do Chomhairle Contae Fhine Gall, iarrtar leis an ngeilleagar ciorclach nach mbeidh Fine Gall chomh spleách sin ar amhábhair iompórtáilte trí na hábhair atá á n-úsáid cheana féin a laghdú agus ár n-astaíochtaí carbóin a laghdú ag an am céanna, ar príomhaidhm ár bplean Gníomhaithe ar son na hAeráide é sin."

Má tá smaoineamh agat faoi éiceadhearadh, déantús nó úsáid táirgí, faoi tháirgí a chur in oiriúint d'úsáid eile, a athchóiriú, a dheisiú nó a athúsáid, faoi shaolré na dtáirgí a shíneadh, nó faoi ghiniúint dramhaíola i dtáirgí ábhair a laghdú, tugann Comhairle Contae Fhine Gall spreagadh duit iarratas a chur isteach ar mhaoiniú faoi ghlaonna na GCC ar Thionscadail Fiontraíochta Glaise. Cuireann Comhairle Contae Fhine Gall fáilte anois roimh léirithe spéise ó ghnóthaí agus nuálaithe:

  • A bhfuil spéis acu i dtionscadail a bhaineann leis na téamaí thuas ar féidir iad a fhorbairt taobh istigh de 24 mí, ar a mhéad, a fhorbairt
  • Atá sásta a bheith ina p(h)ríomhiarratasóir i dtaca leis an tionscadal
  • A bhfuil spéis acu oibriú leis an gComhairle mar pháirtí sa tionscadal. Tríd an socrú sin, glacfaidh an Chomhairle ról maidir leis an tionscadal a chur chun cinn mar chuid de chuspóirí Corparáideacha na Comhairle maidir leis an nGeilleagar Ciorclach agus Gnó Inbhuanaithe, tabharfaidh an Chomhairle tacaíocht maidir le cumarsáid, rannpháirtíocht foirne, óstáil ceardlann agus úsáid sonraí oscailte, agus cuirfidh foireann CCFG eolas áitiúil agus saineolas ar fáil. Tabhair do d'aire nach gcuirfidh CCFG aon chomh-mhaoiniú ar fáil d'aon tionscadal mar chuid den ghlao seo.

Féach ar shuíomh gréasáin na GCC, www.epa.ie, le haghaidh tuilleadh eolais agus cláraigh ar chóras iarratais ar líne na GCC, SmartSimple, roimh an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais, is é sin 14 Lúnasa 2020. Tá treoracha agus ranganna teagaisc i bhfíseáin ar fáil ar https://epa.smartsimple.ie