Deis ag Gnólachtaí i bhFine Gall páirt a ghlacadh go hidirnáisiúnta mar chuid de Sheomraí Taispeántais do Sheóthaispeántas Éire

Image courtesy of Urban Aran, supported by LEO Waterford

A bhuí leis na Seomraí Taispeántais Fhíorúla i mbliana ag Seóthaispeántas, is féidir le cliaint na hOifige Fiontair Áitiúla  (OFA) bailiúcháin nua a sheoladh agus cruinnithe a eagrú le ceannaitheoirí ar fud na cruinne, go díreach óna stiúideo nó óna gceardlann féin.

Beidh Seothaispeántas Éire, Aonach Cruthaitheach na hÉireann, ag athrú go dtí an fhormáid nua nuálaíoch Seomra Taispeántais ó 25 go dtí 29 Eanáir 2021, mar fhreagairt ar na srianta atá i bhfeidhm.

Is é Aonad Ceardaíochta & Dearaidh CLG de chuid Seóthaispeántas Éire, fochuideachta Chomhairle Dearaidh agus Ceardaíochta na hÉireann (DCCI) atá i mbun an tionscadail a eagrú. Tá sé á tacú ag DCCI, Fiontraíocht Éireann agus na OFA, OFA Fhine Gall san áireamh.

Tá Seothaispeántas ar cheann de na haontaí trádála idirnáisiúnta is mó atá ann sa tionscal, áit a chuireann dearthóirí agus déantóirí earraí ceardaíochta rogha bailiúchán comhaimseartha agus oidhreachta ar fáil. Do mhioncheannaitheoirí ar fud na cruinne beidh teacht acu ar earraí atá nuálaíoch, ardchaighdeáin, inmharthanach agus éagsúil.

Dhá ghnólacht áitiúil atá ag súil le himprisean maith a dhéanamh ar mhioncheannaitheoirí níos deireanaí sa mhí seo ná Stuidió Elke Westen i nDomhnach Bat, agus Berry Be Beauty i mBaile Bhrigín. I Stiúdiú Elke Westen, déantar obair ealaíne mhór-scála as gloine a dhearadh d’eintitis ar nós Saotharlann Stáit na hÉireann agus Ceanncheathrú Rannáin an Gharda, agus déantar seodra gloine saincheaptha bunaithe ar na tionscadail seo. Is branda scéimhe galánta Éireannach é Berry Be Beauty a bhunaigh Lorna Venton. Déanann sí táirgí scéimhe nádúrtha chomh maith le coinnle céir bláthola agus idirleatóirí.

Dúirt Cathaoirleach Seóthaispeántas Éire, Eddie Shanahan; “In Éirinn tá a lán daoine cumasacha agus cruthaitheacha agus cé nach féidir imeacht fhisiciúil a reáchtáil, tá áthas orainn leanúint orainn ag cur ardán ar fáil do chruthaitheoirí agus do dhéantóirí na hÉireann chun go mbeidh ar a gcumas a dtáirgí a thaispeáint do cheannaitheoirí Éireannacha agus idirnáisiúnta. Cé go mbeidh cuma dhifriúil ar an imeacht i mbliana, táimid cinnte go léireofar beogacht na hearnála ceardaíochta agus dearaidh in Éirinn do cheannaitheoirí nua agus do cheannaitheoirí atá ag filleadh.

Ina theannta sin, beidh ár suíomh gréasáin do Sheóthaispeántas á athsheoladh againn mar Threoir Fhoinse, ina mbeidh os cionn 200 dearthóir agus déantóir ag tairiscint áiseanna Gnólacht le Gnólacht do cheannaitheoirí in Éirinn agus thar lear”.

Déanfar Seóthaispeántas Éire 2021 Seomraí Taispeántais Fhíorúla a sheachadadh ar ardán atá láidir agus sábháilte, a éascóidh cruinnithe fíorúla pearsanta. Cuirfidh sé ar chumas ceannaitheoirí idirnáisiúnta agus Éireannacha scrúdú a dhéanamh ar chruthaitheacht agus ar cheardaíocht na dtaispeántóirí, ar an tslí chéanna is a dhéantar ag Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath (RDS) gach bliain. Ar an ardán beidh próifíl na dtaispeántóirí agus na gceannaitheoirí, naisc do shuíomhanna gréasáin, íomhánna de tháirgí agus naisc fhíseáin a mbeidh rochtain ag rannpháirtithe orthu ag an imeacht.

Ghlac na taispeántóirí páirt i Máistir-rang sa Trádáil Fhíorúil, lena n-áirítear conas seomra taispeántais mealltach a chruthú, conas cruinniú fíorúil a bhainistiú, scéalaíocht agus conas trádáil a dhéanamh go héifeachtúil i dtimpeallacht fhíorúil.               

Dúirt Rosemary Steen, Príomhfheidhmeannach DCCI: “Beidh an Seothaispeántas do Sheomraí Fíorúla thar a bheith luachmhar chun caidrimh tábháchtacha a choimeád ag imeacht idir Seóthaispeántas, ceannaitheoirí ar fud na cruinne agus táirgeoirí in Éirinn. Cé nach féidir leis an spás Digiteach áit an chruinnithe fhisiciúil a thógáil riamh, creidimid go dtiocfaidh méadú ar an méid easportála a dhéantar ar líne amach anseo. Mo bhuíochas le Eddie Shanahan mar chathaoirleach d’Aonach Seóthaispeántais Dearaidh & Ceardaíochta CLG, agus lena chomhghleacaithe ar an mbord, as an oibre atá déanta acu agus as an treoir a thug siad agus an imeacht nua seo á seachadadh don earnáil dearaidh agus ceardaíochta. Ba mhaith liom freisin buíochas a ghabháil le Fiontair Éireann agus leis na hOifigí Fiontair Áitiúla as an tiomantas láidir a léirigh siad do Seóthaispeántas agus don tionscal i gcoitinne.”

Is í Comhairle Dearaidh agus Ceardaíochta Éire a bhunaigh Seóthaispeántas 45 bliain ó shin agus sa bhliain 2021 tarlóidh sé den chéad uair riamh nach mbeidh ár gcliaint ábalta bualadh lena gceannaitheoirí trádála go pearsanta.  Le linn 2020 chuireamar an-bhéim ar chumas digiteach ár gcomhlachtaí cliaint a fhorbairt, agus táimid ag súil go gcoimeádfaidh Seóthaispeántas 2021 na díolacháin ag bogadh ar aghaidh go dtí go mbeidh an phaindéim thart, rud a chosnóidh poist agus slite beatha.”

Dúirt Oisín Geoghegan, Cathaoirleach Líonra na nOFA agus Ceannasaí Fiontair i bhFine Gall:Le bliain anuas tá méadú tagtha ar an tábhacht a bhaineann le seomraí taispeántais fíorúla i margaidh fhíorúla agus is cuid ríthábhachtach anois iad den tslí a dhéanaimid ár ngó, go háirithe gnólachtaí beaga a bhíodh ag brath go trom ar imeachtaí tráchtála agus tomhaltóra móra chun earraí a dhíol. A bhuí leis na Seomraí Taispeántais Fhíorúla, is féidir le cliaint de chuid na nOifigí Fiontair Áitiúla bailiúcháin nua a sheoladh agus cruinnithe a eagrú le ceannaitheoirí ar fud an domhain, go díreach óna stiúideó nó ceardlann féin.”

Dúrit sé freisin: “Leanfaimid orainn ag obair go dlúth le gnólachtaí áitiúla cosúil le Stiúideó Elke Westen agus Berry Be Beauty, chun cabhrú leo lántairbhe a bhaint as deiseanna sa mhargaidh fíorúil in 2021.”

Dúirt Sean Davis, Stiúrthóir Réigiúnach, Meiriceá Thuaidh ag EI: “Tá Seóthaispeántas ag rith le 45 bliain anois. Eagraíonn sé taispeántas ionspioráideach gach bliain de táirgí tomhaltóra agus nós maireachtála a léiríonn cáil na hÉireann ar fud na domhain i gcúrsaí dearaidh agus ceardaíochta. I mbliana beidh brandaí Éireannacha a bhfuil aithne orthu go hidirnáisiúnta ar taispeáint in éineacht le dearthóirí agus déantóirí as Éirinn a bhfuil gealladh futhu. Tá siad ag tarraingt spéis ceannaitheoirí nua agus ceannaitheoirí atá ag filleadh, daoine atá ag lorg rudaí cosúil leis an gcéad faisean mór eile, dearadh nualaíoch agus táirgí ardchaighdeáin ag baint úsáide as scileanna traidisiúnta.

Tríd an líonra de 40 oifig atá aige, cuireann foirne idirnaisiúnta Fiontraíocht Éireann Seóthaispeántas chun cinn do cheannaitheoirí ar fud an domhain. I mbliana, cuirfidh an t-ardán fíorúil ar chumas Fiontraíocht Éireann ceannaitheoirí agus iriseoirí a óstáil ó mhargaidh ar fud an domhain, ar mhian leo táirgí uathúla a aimsiú agus scoth an dearaidh Éireannaigh a fheiceáil. Tharla athruithe ollmhór sa tionscal miondíoltóra in 2020, ón bhfás easpónantúil sa ríomhthráchtáil go dtí béim níos láidre ar an inmharthanacht. Tá an domhan ag glacadh de réir a chéile leis an digitiú, agus tá sé sin le brath sa tírdhreach fíorúil atá ag Seóthaispeántas i mbliana sa chaoi atá glactha aige go bhfuil athruithe sciobtha ag tarlú go domhanda san earnáil seo.

Táimid ag tnúth le bheith ag obair le Seóthaispeántas Éire ar an ócáid speisialta seo agus táimid muiníneach go mbeidh rath air, rud a chuideoidh le gnólachtaí Éireannacha.”

Agus chun tuilleadh forbartha a thabhairt do ghnóthlachtaí Éireannacha, déanfar suíomh gréasáin Seóthaispeántais Éire a nuashonrú mar Threoir Fhoinse do cheannaitheoirí agus beidh áis Gnólacht le Gnólacht ar fáil do chliaint de chuid Seóthaispeántais.

Tá an Catalóg Digiteach do na Seomraí Taispeántais sa Seóthaispeántas Fíorúil le feiceáil ag https://www.showcaseireland.com/news/showcase-virtual-showrooms-digital-catalogue/

Seo an liosta iomlán de chliaint den Oifig Fiontair Áitiúil atá ag glacadh páirte in Eanáir:

 

Ainm Gnólachta

Suíomh Gréasáin

Oifig Fiontair Áitiúil

Siar Photography

https://siarphotography.ie/

An Clár

The Designer of Things

www.thedesignerofthings.com

Corcaigh Thuaidh & Thiar

CottonCaterpillars

www.cottoncaterpillars.ie

Corcaigh Thuaidh & Thiar

Saille Baskets

https://saillebaskets.com/

Corcaigh Thuaidh & Thiar

Sandia Dublin

www.sandiadublin.com

Cathair Bhaile Átha Cliath

Stork & Co

www.thestorkbox.ie

Cathair Bhaile Átha Cliath

Elke Westen

www.elkewesten.com

Baile Átha Cliath Fine Gall

Berry Be Beauty

www.berry-be-beauty.ie

Baile Átha Cliath Fine Gall

Emma Higgins Art

www.emmahiggins.ie

Baile Átha Cliath Theas

Melanie Hand Design Jewellery

https://www.melaniehand.com/

Dún Laoghaire-Rath an Dúin

RosaryBeads

www.truecolours.ie / www.rosarybeads.ie

Dún Laoghaire-Rath an Dúin

Ambrose and Brid Woodturning

www.ambroseandbrid.com

Gaillimh

Lorraine Fletcher Art Studio

www.lorrainefletcherartstudio.com

Gaillimh

Canvas to  Candle

https://www.canvastocandle.com/

Gaillimh

Muckross Conservation Bookbinding

www.conservationbookbinding.com

Ciarraí

The Johnny Magory Company Ltd

www.johnnymagory.com

Cill Dara

Andrea Mears

https://andreamears.com/

Luimneach

Yewfort Crafts

https://www.yewfortcrafts.com/

Luimneach

Ireland's Sacred Water

https://irelandssacredwater.com/

Luimneach

AromaBuff

www.aromabuff.com

Emma's So Naturals

www.emmas.ie

Hawthorn Handmade Skincare

www.hawthornhandmadeskincare.com

Maigh Eo

Claypipe Visitors Centre

www.bogbuddies.com and www.oghamwish.com

Ros Comáin

Hugh MacConville Photographer

https://www.hughmacconvillephotography.com

Sligeach

Dublin Herbalists

https://dublinherbalists.ie/

Tiobraid Árann

Urban Aran

https://urbanaran.com/

Port Láirge

Bambrew

www.gobambrew.com

An Iarmhí

Jumbleink Ltd

www.jumbleink.com

Loch Garman

 

Image courtesy of Melanie Hand Design Jewellery, supported by LEO Dún Laoghaire-Rathdown