Deimhniúchán ISO 50001 as an mBainistíocht Fuinnimh Bronnta ar Chomhairle Contae Fhine Gall

The Mayor of Fingal, Cllr Eoghan O’Brien, and the Chief Executive of Fingal County Council, AnnMarie Farrelly, pictured with the ISO50001 Certificate which the Council has received from Certification Europe for its Energy Management System.

Tá Certification Europe tar éis deimhniúchán ISO 50001 a bhronnadh ar Chomhairle Contae Fhine Gall as an gCóras Bainistíochta Fuinnimh atá againn.

Bronnadh an dámhachtain tar éis do mheasúnú críochnúil a bheith déanta ar Chóras Bainistíochta Fuinnimh na Comhairle ina bhfuarthas go gcomhlíonann sé ceanglais fhairsinge ISO 50001:2018 arb é an caighdeán idirnáisiúnta don bhainistíocht fuinnimh é.

Beidh an deimhniúchán tosaigh bailí ar feadh thréimhse trí bliana agus beidh Córas Bainistíochta Fuinnimh na Comhairle faoi réir clár faireachais leanúnach Certification Europe chun a chinntiú go leanfar ar aghaidh leis an gComhairle riachtanais an chaighdeáin a chomhlíonadh go leordhóthanach.

Tá an úsáid fuinnimh go léir a thagann faoi smacht na Comhairle clúdaithe ag an deimhniúchán agus dúirt Méara Fhine Gall, an Clr Eoghan O’Brien, gur éacht suntasach don eagraíocht a bhí ann. 

“Mar gheall ar an athrú aeráide, tá an bhainistíocht fuinnimh an-tábhachtach agus, as an gcaighdeán idirnáisiúnta a bheith bainte amach againn, léirítear dúinn cé chomh dáiríre is atá Comhairle Contae Fhine Gall faoina cuid freagrachtaí sa réimse seo” a dúirt Méara O’Brien.

In 2018, bhunaigh Comhairle Contae Fhine Gall Foireann Bainistíochta Fuinnimh, faoi cheannaireacht Oifigeach Feidhmíochta Fuinnimh na Comhairle, John Quinlivan, chun na húsáideoirí fuinnimh éagsúla laistigh den eagraíocht a thabhairt le chéile chun obair i gcomhar le Codema, Gníomhaireacht Fuinnimh Bhaile Átha Cliath, ar phlean comhordaithe chun ídiú fuinnimh a laghdú.

 

Ag obair faoi chreat beartais na Comhairle tofa, go háirithe an Plean Gníomhaíochta um an Athrú Aeráide agus critéir an Deimhniúcháin ISO, chuir an Fhoireann Fuinnimh Plean um Beartais agus Bainistíochta Fuinnimh le chéile chun oibriúchán agus bainistiú na húsáide fuinnimh i Saoráidí na Comhairle.

 

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Próiseas uilechuimsitheach is é an bhainistíocht fuinnimh ar chóir go mbeadh gach uile ghné den eagraíocht curtha san áireamh ann, idir an fheidhm airgeadais, feidhm na n-acmhainní daonna agus an chaidrimh poiblí agus an fheidhm chothabhála, ceannacháin agus pleanála. Tá sár-obair déanta ag ár bhFoireann Bainistíochta Fuinnimh le dhá bhliain anuas chun ár n-úsáideoirí fuinnimh go léir a aithint agus a chomhordú ach iad a thabhairt isteach in aon chóras aonair bainistíochta fuinnimh amháin."

 

Dúirt John Quinlivan, Stiúrthóir Seirbhíse agus Oifigeach Feidhmíochta Fuinnimh i gComhairle Contae Fhine Gall: “Is é an cuspóir atá againn ná cultúr den fheabhsúchán leanúnach san fheidhmíocht fuinnimh a chur chun cinn gach uile bhliain ionas gur féidir linn leanúint ar aghaidh, ní amháin na spriocanna atá leagtha síos dúinn ag an Rialtas maidir le coigilteas fuinnimh a bhaint amach, ach iad a shárú. Is é ISO50001 an caighdeán idirnáisiúnta don bhainistíocht fuinnimh an creat inar féidir linn é seo a dhéanamh agus tá an Fhoireann tar éis obair go crua le dhá bhliain anuas chun an deimhniúchán seo a bhaint amach. Is é an chéad chuspóir eile atá againn na é a choinneáil agus leanúint leis an bhfeabhas atá curtha againn ar an fheidhmíocht fuinnimh atá bainte amach againn go dtí seo."