Déanann Seachtain an Aosaithe Dhearfaigh 2022 (SAD) ceiliúradh ar aosú agus ar an méid a dhéanann daoine scothaosta agus ar a ngníomhaireacht.

Déanann Seachtain an Aosaithe Dhearfaigh 2022 (SAD) ceiliúradh ar aosú agus ar an méid a dhéanann daoine scothaosta agus ar a ngníomhaireacht. Is é téama SAD 2022 ná Dúshlán a thabhairt don Aoiseachas - Athfhrámú a dhéanamh ar an mBealach a Smaoinímid, a Mhothaighimid agus a Gníomhaímis i leith Aosú agus Daoine Aosta.

Autumn Medley

Ag Comhairle Contae Fhine Gall tá foirne Fhine Gall a thacaíonn le Daoine Breacaosta tiomanta do cháilíocht beatha daoine breacaosta i bhFine Gall a fheabhsú, trí théama dearfach na seachtaine aosaithe a chuimsiú go hiomlán. Tríd an gclár Aoisbháúil agus trí dhul i dteagmháil agus i gcumarsáid ghníomhach le saoránaigh aosta Fhine Gall trí ghrúpaí pobail, spreagaimid rannpháirtíocht & sóisialú, fanacht gníomhach & sláintiúil, sóisialú, agus a bheith rannpháirteach lena chinntiú go mbaineann siad taitneamh iomlán as a bheith ag dul in aois i bhFine Gall.

Le linn Seachtaine an Aosaithe Dhearfaigh 2022, chomhordaigh Comhairle Contae Fhine Gall roinnt imeachtaí saor in aisce pobalbhunaithe atá dírithe ar aosú go maith i bhFine Gall a cheiliúradh.

Ar an Máirt 20 Meán Fómhair – beidh Fine Gall Aoisbháúil i gcomhpháirtíocht le hAoisbháúil Éireann agus Éire Cruthaitheach ag óstáil meascán Cruthaitheachta an Fhómhair a spreagann rannpháirtíocht chruthaitheach saor in aisce le daoine breacaosta trí roinnt ceardlann agus léirithe agus seastáin eolais & Taispeántais ó 11 r.n. go 2.00 i.n. i dTeach & Feirme an Droichead Nua. Le haghaidh tuilleadh eolais téigh go dtí www.creative-Lives.org/medley.

Ar an Déardaoin 22 Meán Fómhair - beidh an oifig Forbartha Spóirt i gcomhpháirtíocht le Siúlóid 21 agus Fine Gall Aoisbháúil, ina óstach ar Lá Gníomhaíochtaí Siúlóide Spraoi i bPáirc na Mílaoise, Baile Átha Cliath 15 ó 10 r.n. go 12 i.n. agus áireofar leis gníomhaíochtaí ar nós peil siúil, ióga, cruicéad siúil agus go leor eile, chun tuilleadh eolais a fháil seol ríomhphost go dtí [email protected]

Ar an Máirt, 27 Meán Fómhair - is é lá ‘Bain Triail As’ i dTeach an Droichid Nua ó 10.30 r.n. go 12.30 i.n. príomhimeacht fhoirne Fhine Gall Aoisbháúil. Léireoidh grúpaí agus eagraíochtaí spóirt éagsúla gníomhaíochtaí fisiceacha a bheidh oiriúnach do dhaoine breacaosta ar nós búlaí, peil siúil, taidh tsí, cruicéad oiriúnaithe, cróice, chomh maith le ceol agus damhsa. Is é an aidhm atá ann ná an méid is féidir a thaispeáint, íomhá dhearfach den tseanaois a chur i láthair agus daoine breacaosta a spreagadh chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí, chun tuilleadh eolais a fháil seol ríomhphost go dtí [email protected]

Dúirt Méara Fhine Gall, an Clr. Howard O’Mahony: “Is ceiliúradh í Seachtain an Aosaithe Dhearfaigh ar an méid a chuireann saoránaigh breacaosta le pobail láidre a thógáil. Léiríonn na himeachtaí atá sceidealaithe le linn na seachtaine seo an raon roghanna atá ar fáil dár saoránaigh níos sine chun rannpháirtíocht ghníomhach agus rannpháirtíocht shóisialta a spreagadh ionas gur féidir linn leanúint ar aghaidh ag fás Fine Gall mar chontae a bhfuil meas ag ár saoránaigh ar fad orthu beag beann ar aois”.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly; Is imeacht iontach í Seachtain an Aosaithe Dhearfaigh a aibhsíonn nach gciallaíonn dul in aois go gcaithfidh an saol moilliú. Léiríonn na himeachtaí atá á n-óstáil ag foirne Fhine Gall Aoisbháúil mar chuid de Sheactain an Aosaithe Dhearfaigh na bealaí inar féidir linn a bheith páirteach, triail a bhaint as rud éigin nua, bualadh le cairde agus lucht aitheantais nua agus ceiliúradh a dhéanamh ar éirí níos sine agus am againn a bheith eachtrúil agus spraoi a bheith agat.

Dúirt Robert Burns, Stiúrthóir Forbartha Pobail & Spóirt; “Agus muid ag dul in aois tá sé tábhachtach a mhothú gur ball luachmhar den phobal sinn. Léiríonn imeachtaí cosúil le seachtain an aosaithe dhearfaigh an tiomantas leanúnach atá ag Comhairle Contae Fhine Gall do raon gníomhaíochtaí cruthaitheacha agus fisiceacha a sholáthar dár saoránaigh níos sine, agus aird a tharraingt ar an méid seirbhísí agus gníomhaireachtaí atá ar fáil inár bpobal chun cabhrú le daoine agus iad ag dul in aois agus a chinntiú gur áit iontach é Fine Gall le taitneamh a bhaint as agus le dul in aois ann

 

Le haghaidh breis eolais ar na himeachtaí amharc (anseo) here

 

Positive Age Friendly Give it a GO
Walk 21