Dea-scéal do Fhine Gall i dtuarascáil Ghnó na hÉireann in Aghaidh Bruscair (IBAL)

Bhí dea-scéal ann do Fhine Gall sa tuarascáil is déanaí de Ghnó na hÉireann in Aghaidh Bruscair (IBAL) a eisíodh mar a rangaíodh Aerfort Bhaile Átha Cliath agus an ceantar máguaird sa 13ú háit as 40 baile/cathair a ndearnadh suirbhé orthu ag ardú 6 áit ón suirbhé deireanach agus ag coinneáil stádas Níos Glaine ná Gnáthchaighdeáin na hEorpa.

County Hall

Bhí dea-scéal ann do Fhine Gall sa tuarascáil is déanaí de Ghnó na hÉireann in Aghaidh Bruscair (IBAL) a eisíodh mar a rangaíodh Aerfort Bhaile Átha Cliath agus an ceantar máguaird sa 13ú háit as 40 baile/cathair a ndearnadh suirbhé orthu ag ardú 6 áit ón suirbhé deireanach agus ag coinneáil stádas Níos Glaine ná Gnáthchaighdeáin na hEorpa. Cuireadh fáilte ar leith roimh na torthaí seo i bhfianaise na ndúshlán nua a chruthaigh Covid-19 agus méadú ar bhruscar go náisiúnta arna tuairisciú ag IBAL sa suirbhé.

Tagraíonn an tuarascáil don cheantar mórthimpeall an Aerfoirt mar “Ceantar a fheidhmíonn go láidir i gcónaí timpeall ar Aerfort Bhaile Átha Cliath, agus ní raibh rudaí difriúil an babhta seo. Fuair ocht gcinn as na deich suíomh a ndearnadh suirbhé orthu an grád bruscair is airde, agus ní raibh ach suíomh amháin a bhí an-lag. Ní hamháin go raibh na suíomhanna leis an rangú ab fhearr go maith ó thaobh bruscair de ach bhí an cur i láthair foriomlán ar ardchaighdeán freisin." Ní hamháin gur leag an tuarascáil béim ar an easpa bruscair sa cheantar, ach leag sí béim ar na ciumhaiseanna féir a raibh freastal maith déanta orthu, soláthar araidí agus an dea-bhail a bhí ar dhromchla, comharthaíocht agus marcanna an bhóthair.

Ábhar imní ar leith i dtuarascáil IBAL ar an iomlán ba ea an bruscar TCP forleathan agus méadú ar leitheadúlacht cannaí agus buidéal gloine. Bhí bruscar TCP forleithne ar fud na tíre, le maisc 5 huaire níos coitianta ná miotóga. “Go intuigthe, tá drogall ar dhaoine na hítimí seo a phiocadh ar eagla go ndéanfaidh siad Covid-19 a tholg agus mar sin fágtar ar an talamh iad. Caithfimid ardú tapa a fheiceáil ar úsáid maisc in-athúsáidte,” a deir Conor Horgan ó IBAL.

Ag labhairt dó faoi na torthaí dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Comhairle Contae Fhine Gall as na torthaí den scoth seo don cheantar mórthimpeall an Aerfoirt i dtuarascáil IBAL. Ní mór dúinn go léir leanúint lenár n-iarrachtaí bruscar a dhiúscairt i gceart agus go háirithe an bruscar TCP a laghdú trí mhaisc in-athúsáidte a úsáid in ionad maisc indiúscartha."

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhine Gall AnnMarie Farrelly: “Ba mhaith liom moladh a thabhairt do shár-obair ár bhfoirne Oibríochtaí agus Comhshaoil as ar eascair na torthaí dearfacha seo sa suirbhé IBAL is déanaí. Leanann siad de na hardchaighdeáin seo a chomhlíonadh agus iad ag dul i ngleic leis na dúshláin gan fasach a chruthaíonn Covid-19. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil freisin leis an bpobal áitiúil agus le grúpaí Bailte Slachtmhara a oibríonn linn chun Fine Gall a choinneáil álainn iarraimid ar gach duine agus iad ag tabhairt cuairte ar ár bpáirceanna, ár dtránna agus ár spásanna oscailte bruscar a thabhairt abhaile nó úsáid a bhaint as na boscaí bruscair atá ar fáil. "

Mar a tugadh ar aird i dtuarascáil IBAL, thug Comhairle Contae Fhine Gall faoi deara méadú ar dumpáil agus bruscar mídhleathach lena n-áirítear miotóga agus maisc indiúscartha a chaitheamh i leataobh agus bruscar breise de bharr sóisialú faoin aer i bpáirceanna. Leanann an Chomhairle ag impí ar dhaoine gan bruscar a chaitheamh thart agus dumpáil a thuairisciú chuig %45n%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected]

Tugann Comhairle Contae Fhine Gall spreagadh do dhaoine gan plaistigh agus maisc aonúsáide a úsáid agus roghanna malartacha in-athúsáidte a roghnú agus éadaí, buidéil, cannaí srl. a athchúrsáil sna hIonaid Fág Anseo timpeall an Chontae. Is féidir trealamh leictreach (WEEE) a athchúrsáil saor in aisce in aon ionad asdíola nó i gceann den dá ionad athchúrsála atá á noibriú ag Comhairle Contae Fhine Gall, ceann i gCúil Mhín Bhaile Átha Cliath 15 agus ceann i Sord. Féach láithreán gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall www.Fingal.ie chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Le haghaidh na tuarascála iomláine féach http://ibal.ie/