Cur Isteach ar Uisce i gceantar Seabury

Tá Uisce Éireann ag obair le Comhairle Contae Fhine Gall chun deisiúcháin phráinneacha a dhéanamh chun soláthar uisce a athbhunú in áiteanna de Mhullach Íde, ceantar Seabury. Tharla an pléascadh in eastát Dhún Ard déanach aréir. Tá criúnna ag obair chun príomhphíobán uisce pléasctha a dheisiú chomh tapaidh agus chomh sábháilte agus is féidir de réir phrótacail Covid-19. 

D’fhéadfadh cur isteach ar a soláthar dul i bhfeidhm ar áitribh sna ceantair seo a leanas agus na deisiúcháin ar siúl; Bóthar Shoird R106 síos go dtí an t-achomhal ar a chasann tú ar chlé ar Bhóthar an Inbhir, Mullach Íde lena n-áirítear Seabury ar fad (ar chlé agus ar dheis ó Inbhear/Seabury), ag síneadh níos faide go Páirc Seabury lena n-áirítear coimpléasc siopaí Centra agus Scoil Seoltóireachta Shoird, An Club Rugbaí ar Bhóthar an Inbhir, An Móinéar Leathan; Bóthar an Inbhir ar fad; Eaglais an Chroí Naofa; Bóthar Mhulláin an Chaisleáin agus na ceantair máguaird.

Meastar go mbeidh na deisiúcháin ar an bpríomhphíobán uisce curtha i gcrích faoi 2in. Nuair a bheidh na deisiúcháin críochnaithe go rathúil, cuirfear tús le gnáthsholáthar uisce a athshlánú. D’fhéadfaí go dtógfadh sé 1-2 uair an chloig an soláthar uisce iomlán a thabhairt ar ais de réir mar a athlíonfaidh uisce an líonra.

Tá Uisce Éireann ag obair ag an am seo, lenár gcomhpháirtithe Údaráis Áitiúil, conraitheoirí agus daoine eile chun sláinte agus folláine na foirne agus an phobail a chosaint agus chun leanúnachas seirbhísí ríthábhachtacha uisce óil agus fuíolluisce a chinntiú. Ba mhaith le hUisce Éireann a mheabhrú do dhaoine comhairle FSS maidir le COVID-19 a leanúint agus níochán láimhe rialta a chinntiú.