Cúis áthais d’Oifig Ealaíon Fhine Gall buaiteoir Dhámhachtain an Chéimí 2019 a fhógairt

The Graduate Award

Cúis áthais d’Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall i gcomhpháirt le MART, a fhógairt gur ar Sharon Ramsey a bhronnfar Dámhachtain an Chéimí 2019.

 

Mar chuid de thiomantas leanúnach d’ealaíontóirí atá ag tosú amach sa ghairm, tá Dámhachtain Stiúideo bliana do Chéimí in MART á thairiscint ag Oifig Ealaíon Fhine Gall mar aon le spás sa seó ‘Award ‘ i Márta 2020, taispeántas atá dírithe ar thacú le agus ar fhorbairt ghairmiúil céimithe le déanaí.

Soláthróidh Dámhachtain an Chéimí, a thosófar i mí Dheireadh Fómhair 2019, timpeallacht idéalach do Sharon chun a cleachtas a fhorbairt, mar aon le deis aithne a chur ar ealaíontóirí eile. Chomh maith leis sin, beidh rochtain ag Sharon ar ‘Smart Talks’, sraith ghairmiúil forbartha láithreoireachtaí agus ceardlann á cur i láthair ag MART.

Bhronn NCAD Máistir Ealaíon sa Mhínealaín ar Sharon Ramsey le déanaí. Bhí an méid seo a leanas le rá ag Sharon nuair a chuala sí an dea-scéala; "Cúis áthais agus onóra is ea go bhfuil Dámhachtain an Chéimí le bronnadh orm. Chuir an tacaíocht atá ar fáil ó Oifig Ealaíon Fhine Gall agus MART go mór le m’fhéinmhuinín mar chéimí le déanaí, agus táim ag súil leis an mbliain amach romhainn a chaitheamh ina dteannta. Deis a bheidh ann cleachtas oibre a bhunú laistigh de phobal ealaíon atá tacúil agus lán beochta, agus cabhróidh sé liom teacht ar thuiscint níos fearr ar an méid atá i gceist le gairm an ealaíontóra.”

 

Tá Sharon ag súil go dtabharfaidh an deis seo spás agus am di a cleachtas a fhorbairt agus a leathnú lasmuigh de chomhthéacs acadúil. Céim spéisiúil a bheidh ann i bhforbairt a gairme.

 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Sarah O’Neill, Leas-Oifigeach Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall faoi Dhámhachtain an Chéimí; “Bainfidh ealaíontóir atá ag tosú amach an-tairbhe as Dámhachtain Fhine Gall do Chéimí Ealaíon. Ní mór go mbeadh spás agus am ag céimí chun a chleachtas a fhorbairt agus a neartú. Chomh maith leis sin, is cuid den Dámhachtain seo an timpeallacht oiliúnach a chothaíonn teagmháil le piaraí, agus cúis áthais d’Oifig Ealaíon Fhine Gall an dámhachtain seo a bhronnadh i gcomhpháirt le MART.”

 

Críoch

 

Más spéis leat tuilleadh eolais seol ríomhphost chuig [email protected]