Cuirtear tús le próiseas comhairliúcháin maidir le Creatphlean Uirbeach Domhnach Bat

Donabate urban framework plan

Chuir Comhairle Contae Fhine Gall tús le próiseas leathan comhairliúcháin i nDomhnach Bat mar chuid dár bpleananna chun Creatphlean Uirbeach a chruthú don bhaile.

 

Tá sé mar aidhm ag an gCreatphlean Uirbeach fís a chur ar fáil do lár bhaile Dhomhnach Bat a chuirfidh feabhas ar agus a chuirfidh leis ceantar na Príomhshráide agus a thabharfaidh treoir d'fheabhsúchán cúramacha uirbeach. Tá sé beartaithe go dtarraingeoidh an Plean seo aird ar charachtar ar leith Dhomhnach Bat, ar shuíomh an bhaile ar an leithinis, ar shaincheisteanna reatha a bhaineann le Domhnach Bat agus, ar deireadh, go leagfaidh an Plean clár beart amach a comhaontaíodh leis an bpobal. 

 

Mar a leagadh amach i bPlean Forbartha Fhine Gall, is gné ríthábhachtach de chreatphleananna uirbeacha é rannpháirtíocht leathan agus ghníomhach an phobail. I dtaca leis sin, tá obair agus ionchur an phobail thar a bheith tábhachtach. Bhí an chéad chuid den phróiseas rannpháirtíochta ar siúl oíche Mháirt i Leabharlann Dhomhnach Bat. D'fhreastail os cionn caoga duine a rinne ionadaíocht ar 25 grúpa pobail ar an gceardlann seo. Dhírigh an cheardlann, a raibh éascaitheoir neamhspleách i gceannas air, ar ghrúpaí pobail agus na saincheisteanna áirithe a bhíonn rompu.

 

 Sna chéad chúpla seachtain eile, tá tuileadh ceardlanna pleanáilte le gnólachtaí, cumainn cónaitheoirí agus scoileanna mar chuid den phróiseas leathan rannpháirtíochta a mbeidh dréachtphlean ann dá bharr. Beidh sé sin faoi réir tuilleadh comhairliúcháin agus ionchuir ón phobal áitiúil.

 

Is é sin an próiseas céanna ar tugadh faoi sa Ros, áit ar fhorbair an Chomhairle plean cosúil leis seo i gcomhar leis an bpobal áitiúil a bhfuil sé mar aidhm aige lár an bhaile sin a athnuachan agus a fheabhsú.

 

Dúirt Matthew McAleese, Stiúrthóir Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh Chomhairle Contae Fhine Gall: "Aithnítear an próiseas a d'úsáideamar le haghaidh Creatphlean Uirbeach an Rois a fhorbairt mar dheachleachtas maidir le pleanáil rannpháirteach agus fuaireamar amach gur oibrigh sé amach go han-mhaith grúpaí beaga dírithe a thabhairt le chéile chun an fhís do lár an bhaile a shocrú leis an bpobal agus na gnólachtaí áitiúla.

 

"Ós rud é go bhfuil an droichead nua thar an líne iarnróid ar tí oscailt, is tráthúil anois súil a chaitheamh ar conas is féidir linn feabhas a chur ar bhaile Dhomhnach Bat ar bhealach a rachaidh chun tairbhe na ndaoine a chónaíonn anseo. Bhí an chéad cheardlann le heagraíochtaí pobail thar a bheith faisnéiseach agus táimid ag tnúth le caidreamh a dhéanamh le páirtithe leasmhara eile sna seachtainí atá romhainn sula ndréachtóimid plean a chuirfear faoi bhráid an phobail áitiúil le haghaidh comhairliúchán breise."

 

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, go bhfuil an Chomhairle ag obair go dlúth i gcomhar le comhairleoirí tofa a dhéanann ionadaíocht ar an gceantar lena chinntiú go gcuirtear ábhair imní an phobail san áireamh.

 

"Éilíonn comhairleoirí, is cuma cén toghlimistéar áitiúil a dtoghtar iad chun ionadaíocht a dhéanamh air, i gcónaí go gcuireann an Chomhairle tuairimí an phobail áitiúil san áireamh agus cuirimid fáilte roimh na tuairimí sin an t-am ar fad. Ar an drochuair, thug roinnt daoine an t-eolas mícheart do dhaoine eile i nDomhnach Bat maidir le cuspóir cheardlann na seachtaine seo. Ba ábhar díomá é sin mar gheall gur sheolamar cuireadh amach chuig 50 eagraíocht phobail sa cheantar agus tá pleananna againn níos mó ceardlanna a reáchtáil le páirtithe leasmhara sna seachtainí atá amach romhainn.

 

"Oibríonn an fhoireann inár Rannóg Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh ag an gcaighdeán is airde agus is cuid thar a bheith tábhachtach dá gcuid oibre é comhairliúchán. Beidh páirt mhór ag muintir Dhomhnach Bat, ar an mbealach céanna le muintir an Rois, i bhforbairt an Chreatphlean Uirbigh seo agus táimid ag tnúth le fís nua do lár bhaile Dhomhnach Bat a chruthú agus a chur i bhfeidhm," a deir AnnMarie Farrelly.