Cuirtear seoladh a 19ú heagrán de Mhonatóir Geilleagrach Bhaile Átha Cliath ar siúl i gComhairle Contae Fhine Gall

Cuirtear seoladh an 19ú heagrán de Mhonatóir Geilleagrach Bhaile Átha Cliath ar siúl i gComhairle Contae Fhine Gall, áit ar nochtadh go bhfuil lánfhostaíocht beagnach bainte amach ag an bpríomhchathair, agus gur baineadh na leibhéil ab airde riamh amach i limistéir an airgeadais, an árachais agus gníomhaíochtaí eastáit réadaigh, agus go dtacaíonn athlonnú Brexit leo.

Mayor of Fingal Cllr Eoghan O’Brien with Director of Services for Economic, Enterprise & Tourism Development Emer O’Gorman (right) and Senior Executive Officer Aoife Sheridan.

D’fhreastail baill den phobal gnó, anuas ar Mhéara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O’Brien, agus comhairleoirí áitiúla agus Stiúrthóir Seirbhísí um Fhorbairt Gheilleagrach, Fiontraíochta agus Turasóireachta Chomhairle Contae Fhine Gall, Emer O’Gorman, ar an seoladh ag Teach an Droichid Nua i nDomhnach Bat.

Déantar scrúdú sa tuarascáil ráithiúil, a chuir Comhairleoireacht Gheilleagrach EY-DKM le chéile, ar réimse táscairí geilleagracha a chuireann borradh na cathrach chun cinn, fostaíocht, réadmhaoin agus praghsanna cíosa, tosú tithíochta, rátaí óstáin agus úsáid iompair phoiblí ina measc, lena feidhmíocht gheilleagrach a dheimhniú ón tráth a bhí an borradh faoi lánseol go dtí an cliseadh geilleagrach agus an téarnamh ina dhiaidh sin.

Mayor of Fingal Cllr Eoghan O’Brien launches the 19th edition of the Dublin Economic Monitor at Newbridge House in Donabate.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O’Brien an méid seo a leanas nuair a bhí an tuarascáil á seoladh aige:  “Leanann Comhairle Contae Fhine Gall ag oibriú chun an geilleagar áitiúil a fhorbairt. Tá Crios Fiontraíochta Bhaile Átha Cliath ag dul ó neart go neart, agus tá breis agus 20,000 duine fostaithe ann anois. Leanfaidh an Chomhairle ag tacú le agus le hinfheistíocht a dhéanamh i gCrios Fiontraíochta Bhaile Átha Cliath agus in Eastát Tionsclaíochta Bhaile Stiofáin i mBaile Brigín mar chuid den Phlean Athnuachana Ár mBaile Brigín.”

Dúirt Stiúrthóir Seirbhísí Chomhairle Contae Fhine Gall, Emer O’Gorman: “Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta go tréan d’fhorbairt gheilleagrach Fhine Gall agus leanfaidh sé ag díriú ar gheilleagar láidir, beoga agus faoi rath a fhorbairt sa chontae.”

Ag caint di faoin tuarascáil, dúirt Ciara Morley, Sainchomhairleoir Sinsearach ag Comhairleacht Gheilleagrach EY-DKM: “Tugadh le fios gur tháinig fás 8.3% ar Thurasóireacht Bhaile Átha Cliath i Ráithe Q3, ach tháinig laghdú don tríú ráithe i ndiaidh a chéile ar an airgead a chaith turasóirí ón RA, a thugann le fios go bhfuil machnamh á dhéanamh ag turasóirí an RA ar thurais eachtracha a chur siar fad a dhéanann siad athmheasúnú ar a gcaiteachas i gcomhthéacs Brexit. Dar le POF Thurasóireacht Éireann gurb é éiginnteacht an tsaincheist is práinní don earnáil. Cuireann Buiséad 2020 ciste teagmhais €40 milliún ar fáil don earnáil turasóireachta chun cosaint in aghaidh suaite a bhaineann le Brexit.”

Dúirt an tUasal Morley, chomh maith, go bhfuil méadú tagtha ar an airgead a chaitheann turasóirí náisiúnta agus go bhfuil méadú tagtha le roinnt blianta anuas i ndiaidh a chéile ar thurasóirí ó SAM agus an tSín agus gur cheart go n-imreodh deiseanna nua i margaí atá ag teacht chun cinn go háirithe san Oirthear, tionchar dearfach a imirt ar an turasóireacht in Éirinn.

I measc roinnt príomhtháscairí a chuimsítear sa tsaincheist seo, tá:

  • Meánchíos míosúil i mBaile Átha Cliath atá os cionn €1,700
  • Tá laghdú tagtha ar thithíocht atá á tabhairt chun críche agus atá á dtosú agus is é seo an chéad ráithe inar sonraíodh fás diúltach bliain ar bhliain ó bhí 2015 ann
  • Tá laghdú tagtha ar chuairteanna turasóireachta go Baile Átha Cliath ón RA mar thoradh ar éiginnteacht Brexit
  • Leanann fás ag teacht ar chaiteachas tomhaltóirí i mBaile Átha Cliath agus sháraigh caiteachas miondíola i mBaile Átha Cliath leibhéil náisiúnta

Comhthionscnamh cheithre údarás áitiúla Bhaile Átha Cliath é Monatóir Geilleagrach Bhaile Átha Cliath a chuireann Comhairleacht Gheilleagrach EY-DKM le chéile. Dírítear sa tuarascáil ar réigiún Bhaile Átha Cliath, agus déanann sé rianú ar phríomhtháscairí geilleagracha, SpendingPulse Mastercard Bhaile Átha Cliath ina measc, a bhailíonn sonraí ón tráth a bhí an borradh faoi lánseol go dtí an cliseadh geilleagrach agus an téarnamh ina dhiaidh sin. 

Chun teacht ar an tuarascáil iomlán, cliceáil an nasc seo a leanas, le do thoil: www.dublineconomy.ie