Cuirtear isteach Buncair Rothar den chéad uair i mBaile Brigín

Open bike storage bunker with green metal door

Tá buncair do rothair ag Fine Gall anois ó cuireadh isteach dhá aonad i gCúirt Barnwall, i mBaile Brigín an mhí seo. Dearadh iad chun páirceáil shábháilte atá clúdaithe a sholáthar do rothair. Is féidir suas le 6 rothar do dhaoine fásta a chur i mbuncar amháin. Suiteáladh dhá bhuncar agus is céim chun tosaigh í an réiteach stórála nuálach seo ó na monaróirí Castit Ltd do Thaisteal Gníomhach i mBaile Brigín.

Deir Stephan McGlinn, Oifigeach Siúil agus Rothaíochta de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall, gur iontach an rogha iad na buncair rothai chun rothair a pháirceáil in áit atá sábháilte agus tirim. Ar an mbealach sin, baintear bacainní ar an tsráid do choisithe agus dóibh siúd a bhfuil lagú radhairc orthu in áiteanna ina bhfuil teorainn ar spás chun rothair a pháirceáil. ‘Tá na buncair seo ar fheabhas chun rothair a pháirceáil go sábháilte do dhaoine atá ina gcónaí in árasáin nó i gceantair ina bhfuil ard-dlús tithíochta ann. Ba chóir go mbeadh sé éasca Taisteal Gníomhach a roghnú agus dul chun na hoibre, na scoile nó na siopaí ar do rothar, agus leis na buncair rothar nua seo, is féidir le háitritheoirí i mBarnwall bóthar a bhualadh leo gan stró.’

’Tá áthas orainn na buncair rothar seo a shuiteáil agus táimid ag súil le go leor buncar eile a chur isteach i gceantair eile in bhFine Gall sa bhliain atá romhainn de réir mar a chuirimid leis an múnla páirceála rothar seo a fhreastalaíonn ar an éileamh atá ann ar pháiceáil shábháilte uathu siúd nach bhfuil rochtain acu ar sheideanna, ar ghairdíní ná ar stóras faoi thalamh.’

Tá an scéim phíolótach á rith i gcomhar leis an gcumann áitritheoirí agus an gcumann bainistíochta. Ba chóir d’áitritheoirí ar mian leo spás a chur in áirithe dul i dteagmháil lena n-ionadaí sa chomhlacht bainistíochta Barnwall Court Management Company CLG. Tá na buncair rothar lonnaithe i spásanna páirceála atá ann cheana féin do ghluaisteáin taobh amuigh de Bhloic B agus D.

De réir an Stiúrthóra Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Taistil Ghníomhaigh, David Storey, níl sna buncair rothar ach réiteach amháin chun go mbeidh an rothaíocht níos éasca do dhaoine i bhFine Gall. ‘Le dhá bhliain anuas, tá comharscéim rothar agus scéimeanna rothar leictreacha tugtha isteach againn a éascaíonn an fáil atá ag daoine ar rothair; tá bealaí rothaíochta nua oscailte againn ar fud an chontae agus táimid ag obair chun bacainní a bhaint ar nós geataí aonfhir, áit is féidir. Is eol dúinn gurb é an Taisteal Gníomhach an rogha is fearr maidir leis an aeráid agus is é an rogha is ionchuimsithí agus is inmharthana dár bpobal. Leanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall uirthi ag obair chun infreastruchtúr a sheachadadh a chuirfidh ar chumas gach duine rochtain a fháil ar an Taisteal Gníomhach pé uair agus pé áit is gá.’

D’fháiltigh an Clr Tony Murphy roimh an tionscnamh nua agus dúirt sé gur céim dhearfach é don bhaile: ‘I mBaile Brigín feictear dúinn go bhfuil níos mó agus níos mó daoine ag bogadh i dtreo an Taistil Ghníomhaigh. Tá go leor daoine ag baint úsáide as rothair Bleeper chun dul chun na siopaí, tá siad ag tógáil rothair leictreacha ar cíos ag stáisiúin traenach mar chuid den turas chun na hoibre, agus dar ndóigh, is iomaí duine a bhaineann úsáid as rothair le haghaidh pléisiúir freisin. Is bealach iontach iad na buncair rothar seo, sábháilte agus is féidir brath orthu, chun suim sa rothaíocht a spreagadh agus táim ag suil le tuilleadh de na háiseanna seo a fheiceáil i mBaile Brigín agus faide amach.’

Is féidir tuilleadh eolais maidir leis seo agus le tionscnaimh eile a fháil ag  www.fingal.ie/activetravel

Bike storage bunker grey metal half cylinder with green metal door