Cuirtear dúshlán roimh mhuintir áitiúil Bhaile Brigín chun an dúil san fhoghlaim a léiriú i rith Féile

our Balbriggan

Táthar ag iarraidh ar dhaoine a chónaíonn i mBaile Brigín chun a ndúil san fhoghlaim a léiriú i gcomórtas chun féile trí lá a sheoladh chun ceiliúradh a dhéanamh ar an oideachas sa bhaile is óige in Éirinn.

Le daoine áitiúla a spreagadh chun páirt a ghlacadh san Fhéile ‘Is Aoibhinn lenár mBaile Brigín an Fhoghlaim’, tá dúshlán á chur ag na heagraithe roimh gach duine chun a samhlaíocht chruthaitheach i gcomórtas grianghrafadóireachta agus ealaíne a chur i ngníomh chun ceann amháin de chúig dhearbhán €100 a bhuachan.

Tugtar cuireadh do dhuine ar bith a chónaíonn, a oibríonn nó a fhoghlaimíonn sa bhaile chun pictiúr nó íomhá a ghlacadh nó chun píosa saothar ealaíne a chruthú a léiríonn an téama ‘Is Aoibhinn lenár mBaile Brigín an Fhoghlaim’.

Cuirfear taispeántas ar iontrálacha buaiteacha an chomórtais ar siúl mar imeacht tosaigh na féile trí lá Dé Máirt, an 31 Márta in Ionad Pobail Bhaile an Phléimeannaigh.

“Tá an oiread sin dúile ag Baile Brigín san fhoghlaim gur sheolamar féile chun ceiliúradh a dhéanamh air. Beidh an fhéile ar cheann de na gníomhartha a shainaithnítear sa Phlean Athnuachana Ár mBaile Brigín,” a dúirt Siobhan Lynch, Oifigeach Oideachais Aosach Bhord Oideachais agus Oiliúna Bhaile Átha Cliath agus Dhún Laoghaire.

“Is féidir leis an saothar a chruthaítear a bheith pearsanta, is féidir leis dúil an duine san fhoghlaim a léiriú, nó foghlaim laistigh den phobal nó de shuíomh ar leith a léiriú.

“D’fhéadfadh an méid a d’fhoghlaim duine aonair a bheith i gceist le híomhá, ar nós cordaí ar ghiotár, cor nua damhsa nó comhíomhá de dhaoine agus iad ag foghlaim sa spórt, i rang cócaireachta, cór nó rudaí eile. 

“Mar rogha air sin, d’fhéadfadh uirlisí na foghlama nó bronnadh céime a bheith i gceist leis. Pé rud a léiríonn an dúil atá agat san fhoghlaim.”

Cuirfear taispeántas ealaíne agus oiliúint agus ceardlanna CV ar siúl agus beidh deiseanna ar fáil chun casadh le fostóirí agus soláthraithe oideachais agus treoirchomhairleoirí, agus cuirfear i láthair scoth an oideachais agus na foghlama sa cheantar ag roinnt imeachtaí.

Is féidir teacht ar bhreis faisnéise ar an bhféile ag balbriggan.ie.

Roinnfear iontrálacha don chomórtas ina dtrí chatagóir – bunscoil, meánscoil agus daoine níos sine ná 18 mbliana d’aois.

Is féidir le póstaer, colláis nó meáin mheasctha a bheith i gceist leis an saothar ealaíne agus níor cheart dó bheith níos mó ná A3 agus caithfear é a sheoladh ar aghaidh go dtí Seirbhís Oideachais Aosach Bhaile Brigín, Teach an tSáirseálaigh, Sráid an Mhuilinn, Baile Brigín, K32 KX 82 faoi 1pm Déardaoin, an 13 Márta.

Is féidir grianghraif a sheoladh ar ríomhphost chuig [email protected] " rel="nofollow"> [email protected] .