Cuirfidh OFÁ Fhine Gall a chuid acmhainní go léir ar fáil chun cabhrú le gnólachtaí Fhine Gall teacht slán as géarchéim an Choróinvíris

Cuirfidh OFÁ Fhine Gall a chuid acmhainní go léir ar fáil chun cabhrú le gnólachtaí Fhine Gall teacht slán as géarchéim an Choróinvíris

Cuirfidh Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall a chuid acmhainní go léir ar fáil chun cabhrú le gnólachtaí Fhine Gall teacht slán as géarchéim an Choróinvíris.

Cuireadh iallach ar roinnt gnólachtaí dúnadh nó tháinig laghdú suntasach ar a ndíolacháin agus a n-ioncam le seachtain anuas, ach d’eisigh OFÁ Fhine Gall teachtaireacht go bhfuil siad ann go fóill chun tacú leo.

 Dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O’Brien go raibh sé an-tábhachtach cabhrú leis an bpobal gnó áitiúil faoi na cúinsí reatha. “FBManna iad formhór na ngnólachtaí i bhFine Gall agus cuireann siad go leor post ar fáil agus is tábhachtach, mar sin, go dtugtar an tacaíocht go léir ar fáil dóibh is féidir leo a thabhairt. Tá an Oifig Fiontair Áitiúil ann chun tacú le gnólachtaí Fhine Gall agus acmhainn luachmhar a bheidh san oifig dár FBManna sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn fad a dhéileálann siad leis an ngéarchéim gan choinne seo,” a dúirt an Méara.

 “D’imir éigeandáil COVID-19 tionchar ollmhór ar gach gnólacht,” a dúirt Oisin Geoghegan, Ceann OFÁ Fhine Gall. “Tá sé ríthábhachtach gurb eol dár gcliaint go bhfuil an OFÁ ar fáil go fóill chun tacú leo agus beidh ár seirbhísí ar fáil dóibh i rith na héigeandála seo.”

Mar chuid dá iarrachtaí chun cabhrú le gnólachtaí, tá íocaíochtaí á ndéanamh níos tapúla ag OFÁ Fhine Gall le cliaint agus soláthraithe agus tá teagmháil á déanamh acu go réamhghníomhach le cliaint a faomhadh lena n-íocaíochtaí a phróiseáil níos tapúla más féidir leo tarraingt anuas.  Tá na haisíocaíochtaí go léir atá le híoc leis an Oifig Fiontair ó dheontais atá le híoc ar ais curtha ar fionraí anois agus táthar ag cur in iúl do chliaint gur féidir leo aisíocaíochtaí a chur siar ar feadh tréimhse thosaigh trí mhí. Cuireadh gach cúrsa oiliúna ar ceal agus eiseofar aisíocaíochtaí.

“Tá an bealach réitithe againn agus tá athchalabrú a dhéanamh anois agus sinn ag díriú ar chabhrú le gnólachtaí chun an ghéarchéim a bhainistiú,” a dúirt an tUasal Geoghegan. “Tá cúrsaí oiliúna oiriúnacha á cur ar tairiscint againn, ar nós margaíocht dhigiteach, ar féidir iad a thabhairt isteach ar líne agus tá súil á caitheamh againn ar thionscnaimh eile ar líne.”

“Tá meantóireacht leanúnachais gnólacht aghaidh ar aghaidh á cur ar tairiscint againn, chomh maith, do chliaint, go príomha i limistéir Acmhainní Daonna, Phleanála Airgeadais agus Dhíolta ar Líne.”

Tá leibhéal méadaithe de spéis á thabhairt faoi deara ag an OFÁ i Scéim Iasachta nua Microfinance Ireland (MFI) a chuireann a mhéid le €50,000 ar fáil agus ús 0% a ghearradh ar feadh sé mhí agus a chuireann moratóir sé mhí i bhfeidhm ar aisíocaíochtaí. 

 Chun teacht ar bhreis faisnéise, tabhair cuairt ar https://www.localenterprise.ie/Fingal/