Cuireann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail Paca Cumarsáide le chéile

Chuir an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail paca eolais faoi Chumarsáid le chéile do ghrúpaí pobail agus deonacha agus do bhaill den phobal mar chuid dá freagairt do COVID-19.

 

 

Is éard atá sa phaca seo:

  • Plean Gníomhaíochta na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail chun Tacú leis an bhFreagairt Pobail
  • Bileog faisnéise “Tú Féin, do Phobal agus COVID-19” – D’iarrfaimis ort an bhileog seo a scaipeadh timpeall do phobal, agus ar dhaoine aonair, ach go háirithe, nach bhfuil teacht acu ná eolas acu ar ardáin dhigiteacha.  Molaimid chun iad a chur san áireamh, b’fhéidir, nuair atá béilí ar rothaí á seachadadh.
  • Conas is féidir liom obair dheonach a dhéanamh?
  • Obair dheonach stuama – Na Rudaí is Ceart agus nach Ceart a Dhéanamh
  • Comhairle do ghrúpaí pobail áitiúla – conas is féidir linn oibrithe deonacha a fháil?
  • Comhairle do dhaoine leochaileacha a dteastaíonn tacaíochtaí uathu
  • Conas cosaint in aghaidh calaoise agus iontaoibh a ghiniúint

Tá áis deasc chabhrach ríomhphoist ar fáil chun cabhrú leat maidir le comhairle nó ceisteanna agus tá sé ar oscailt 7 lá sa tseachtain – C& [email protected]

Agus meabhraítear duit gur príomhfhoinse comhairle sláinte é láithreán gréasáin FSS: www.hse.ie/coronavirus. Cuimsítear ar an láithreán póstaeir agus acmhainní eile is féidir a úsáid i do phobal.

.

Cáipéisí