Cuireann an Chomhairle an Fhéile bhliantúil Festival of Flame siar mar gheall ar phaindéim Covid19

Festival Of Fire

Bhí an fhéile, a reáchtáiltear gach bliain chun Oíche Shamhna a cheiliúradh agus a bhíonn ar cheann de na himeachtaí san fhéilire is mó a thaitníonn le daoine, le bheith ar siúl ag 13 suíomh difriúil ar fud an Chontae.

Caithfear cloí le treoirlínte sláinte poiblí agus a chinntiú go mbeidh scaradh sóisialta i bhfeidhm mar thosaíocht. Ar an drochuair chinn an Chomhairle imeachtaí na bliana seo a chur siar.

In ainneoin sin, tá sé i gceist ag foireann Imeachtaí na Comhairle teacht ar ais nuair a bheidh na srianta laghdaithe agus tá súil aici ócáid taispeántas tinte ealaíne a reáchtáil níos déanaí. Mar sin, coinnigh súil amach le haghaidh tuilleadh sonraí.

Ach go dtí sin, tá siad ag meabhrú do gach duine fanacht sábháilte agus comhairle ón Rialtas agus FSS a leanúint maidir le maisc aghaidhe a chaitheamh, láimhe a ní, scaradh fisiceach agus teagmhálacha sóisialta a laghdú. Fan sábháilte.