Cuireann an Chomhairle fáilte roimh chinneadh an Bhoird Pleanála maidir le Tionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath

Chuir Comhairle Contae Fhine Gall fáilte roimh chinneadh an Bhoird Pleanála cead pleanála a bhronnadh ar Thionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath ar píosa bonneagair náisiúnta criticiúil é faoi Thionscadal Éireann 2040 agus tabharfaidh sé fás inbhuanaithe Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath slán go fadtéarmach.

Bhí ról lárnach ag Comhairle Contae Fhine Gall in éabhlóid an tionscadail sular aistríodh é chuig Uisce Éireann. Chomh fada siar leis an mbliain 2005, mar chuid de Staidéar Straitéiseach Draenála ar Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, d’aithin Comhairle Contae Fhine Gall an gá atá le caighdeán an uisce a fheabhsú agus a chosaint mar chuid den réiteach réigiúnach, trí chur chuige comhordaithe agus comhtháite maidir le seirbhísí riachtanacha uisce a sheachadadh.  

Ar leibhéal áitiúil, lean Pleananna Forbartha as a chéile, lena n-áirítear Plean Forbartha Fhine Gall 2017-23 agus Plean Bainistíochta Sloda Fhine Gall ag aithint an ghá atá le réitigh chun freastal ar fhás fadtéarmach, agus Tionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath lárnach chuige sin.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Cuideoidh an tionscadal bonneagair straitéisigh seo le Comhairle Contae Fhine Gall a plean uaillmhianach a sheachadadh le haghaidh forbairt thodhchaí an Chontae, ní hamháin i dtéarmaí an bheartais pleanála spásúil áitiúil, ach ó thaobh tacaíocht a thabhairt freisin do chomhdhlúthú an limistéir cathrach, d’fhás inbhuanaithe an daonra, do rathúnas eacnamaíoch agus muinín leanúnach infheisteoirí go fadtéarmach.

“Ó pheirspictíocht chomhshaoil de cuideoidh sé linn ár n-oibleagáidí faoi Threoracha AE éagsúla a sheachadadh. Agus muid á dhéanamh sin cuideoidh sé chun caighdeán an uisce a fheabhsú, uiscí cósta agus intíre Fhine Gall a chosaint agus cloí le caighdeáin agus comhlíonadh comhshaoil riachtanach.” 

 Oibreoidh Comhairle Contae Fhine Gall le Uisce Éireann agus le gníomhaireachtaí eile anois lena chinntiú go soláthrófar an tionscadal seo go caoithiúil mar aon le gach bonneagar soláthair agus draenála uisce eile laistigh den Chontae, ag teacht le Straitéis Lonnaíochta na Comhairle.