Cuireann Aoisbhá Éireann comhairle agus treoir ar fáil don daonra breacaosta

D’eisigh Aoisbhá Éireann, a bhronnann glór ar an daonra breacaosta inár bobal, roinnt eolas agus treoirlínte eolasacha. 

 

 

Rinne na príomhshiopaí, ar nós SuperValu, Tesco, Lidl agus siopaí eile amanna nach féidir ach le custaiméirí breacaosta siopadóireacht a dhéanamh ina siopaí. Idir 9am agus 11am iad na huaireanta seo lena chinntiú go mbíonn stoc ar na seilfeanna mar gheall go mbíonn daoine breacaosta imníoch faoi na daoine siúd a bhfuil stoc-charnadh á dhéanamh acu.  Thug siad marcálacha urláir isteach freisin chun cloí leis na moltaí scartha shóisialta 2 mhéadar.  Chinntigh siad go gcuirtear teorainneacha ar an méid earraí a cheannaítear mar fhregairt do stoc-charnadh. Tá níos mó seachadtaí baile á ndéanamh ar leibhéal áitiúil ag siopaí níos lú, go háirithe seirbhísí bunriachtanacha ar nós oideas ó chógaslanna. Leanann bialanna áitiúla (ar dúnadh go leor díobh go sealadach) le béilí a chócaráil do dhaoine breacaosta agus le hiad a sheachadadh sa phobal

Thug An Post uaireanta oscailte sínte isteach agus d’oibrigh sé leis an Roinn Coimirce Sóisialaí chun “Gníomhairí Sealadacha” éigeandála a thabhairt isteach ar féidir leo pinsin a bhailiú thar ceann na ndaoine siúd a bhfuil féinleithlisiú á dhéanamh acu

Rinne an Garda Síochána 200 feithicil teagmhais a chur chun feidhme lena chur ar chumas oifigigh póilíneachta pobail soláthairtí a sheachadadh do dhaoine breacaosta agus cuairt a thabhairt orthu siúd is mó atá aonraithe agus nach bhfuil struchtúr tacaíochta i bhfeidhm acu. Ina theannta sin, rinne siad an próiseas grinnfhiosrúcháin a luathú lena chinntiú gur féidir le hoibrithe deonacha a phróiseáil lena chur ar a gcumas chun obair dheonach a dhéanamh ar leibhéal áitiúil go háirithe maidir le rudaí bunriachtanacha, ar nós béilí ar rothaí agus rudaí eile

Impíodh go náisiúnta ar fhoireann chúraim sláinte a d’imigh ar scor (dochtúirí, altraí) chun filleadh ar an obair. Sheol an Taoiseach Leo Varadkar tionscnamh “Bí ar glao-dhualgas d’Éirinn” oíche Dé Luain agus fuarthas 24,000 iarratas inné

Iarradh ar bhainc chun táillí a chur ar fionraí a ghearrtar ar íocaíochtaí gan tadhall agus an tairseach d’idirbhearta a ardú aníos ó €30 go €50.  Tá pacáiste á sholáthar acu, chomh maith, chun aisíocaíochtaí ar mhorgáistí agus iasachtaí a reo ar feadh 3 mhí chun tacú leo siúd a chaill a bpoist. Tá pacáiste á sholáthar acu, i gcomhthráth, do ghnólachtaí beaga ar cuireadh iallach orthu dúnadh.  Tacaíocht a bheidh ann seo a chuirfear ar fáil do go leor daoine breacaosta atá ag oibriú go fóill nó a bhfuil a ngnólachtaí beaga féin a reáchtáil acu go fóill

Tá glaonna á gcur, ar leibhéal áitiúil, ag clubanna spóirt, grúpaí pobail agus grúpaí eile ar dhaoine breacaosta go rialta agus tá a siopadóireacht á bailiú agus á tabhairt chuig a ndoirse acu. Tacaíocht shárluachmhar atá sa teagmháil laethúil seo do na míle duine ar fud na hÉireann

Thug oibrithe cúram sláinte an tsaincheist chun solais ina bhfuil clampaí á gcur ar a bhfeithiclí, go háirithe i ngar d’áiteanna oibre (ospidéil, ionaid chúraim phríomhúil etc.). Tá clampáil curtha ar fionraí anois agus rinneadh an fhoireann chlampála a imlonnú chun siopadóireacht agus soláthairtí a sheachadadh do dhaoine breacaosta

Tá méid ollmhór de chláir ghníomhaíochta coirp ag aistriú ranganna atá bunaithe i halla gleacaíochta go dtí ranganna atá bunaithe sa bhaile agus iad a chur ar fáil do dhaoine breacaosta trí Facebook agus ardáin ar líne. Baineann tábhacht ar leith leis seo i measc daoine breacaosta ar mian leo leanúint de bheith gníomhach go fisiciúil

Tá Aifreann á léiriú gach lá ag RTÉ do dhaoine breacaosta nach féidir leo freastal ar an séipéal ar bhonn laethúil.