Cuireadh tugtha ag Comhairle Contae Fhine Gall iarratais a dhéanamh ar Ghradaim Fhine Gall Ildánach 2020

Creative Fingal

Mar chuid de Chlár Éire Ildánach Fhine Gall, tá an Chomhairle ag fáiltiú roimh iarratais ar dheontais do Ghradaim Thionscadal Fhine Gall Ildánach 2020. Soláthróidh an ciste seo tacaíocht do dhaoine aonair agus/nó grúpaí áitiúla, atá ag feidhmiú ar bhonn seachbhrabúsach, le haghaidh tionscadal a thacaíonn le cruthaitheacht agus a spreagann rannpháirtíocht an phobail sa chontae.

 

Glacfar le hiarratais go dtí an 28ú Feabhra 2020 agus beidh idir €3,000 agus €10,000 ar fáil do thionscadail a dhéileálann ar bhealach cruthaitheach le téamaí na Folláine agus an Chultúir Phobail, Oidhreacht, Ceol, STEAM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, na healaíona agus matamaitic) agus leis an nGaeilge. 

 

Is dírithe ar fhéiniúlacht, cultúr agus saoránacht atá Éire Ildánach, clár a bhfuil sé mar aidhm leis tacaíocht fhiúntach a chur ar fáil do dhaoine aonair agus do ghrúpaí cruthaitheacha as gach disciplín.

 

Má theastaíonn tuilleadh eolais faoi Ghradaim Thionscadal Fhine Gall Ildánach 2020 uait seol ríomhphost chuig [email protected] .