Cúil Chaoith – Pleanáil don Todhchaí

Coolquay

I ndiaidh gur scaipeadh bileoga eolais, cuireadh seisiún buail isteach ar siúl le baill den fhoireann phleanála i Scoil Náisiúnta Chill Choscáin, Cúil Chaoith tráthnóna inné. D’fhreastail go leor daoine air seo agus d’fhreastail thart ar 100 duine idir 5 agus 8 pm. Is mian le Comhairle Contae Fhine Gall buíochas a ghabháil le gach duine as freastal.

Ba é cuspóir an tráthnóna seo chun ionchur agus eolas áitiúil a bhailiú a chabhróidh leis an gComhairle chun pleanáil a dhéanamh d’fhorbairt Chúil Chaoith amach anseo agus rinneadh plé ar go leor smaointe agus saincheisteanna.

Mar thoradh ar an gcruinniú seo, rinneadh an cinneadh chun an tréimhse ama a shíneadh inar féidir aighneachtaí a dhéanamh maidir le haon Phlean Ceantair Áitiúil amach anseo do Chúil Chaoith. Is é an 17 Aibreán 2020 an spriocdháta anois d’aighneacht.

Is féidir d’aighneachtaí a dhéanamh ar na bealaí seo a leanas:

Ar ríomhphost chuig [email protected]

Nó sa phost chuig:

An tOifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach,

An Rannóg um Bonneagar Pleanála agus Straitéiseach,

 

Comhairle Contae Fhine Gall,

Áras an Chontae,

An Phríomhshráid,

Sord,

Contae Bhaile Átha Cliath.

K67 X8Y2