Cruinniú na nÓg 2020

Cruinniú na nÓg

Beidh Cruinniú na nÓg, lá cruthaitheachta do leanaí agus do dhaoine óga, ar siúl Dé Sathairn, an 13 Meitheamh 2020. Tá fáilte roimh leanaí agus daoine óga páirt a ghlacadh i raon d’imeachtaí agus ceardlanna a bheidh curtha ar siúl dóibh ag Comhairle Contae Fhine Gall.

Tá na himeachtaí go léir saor in aisce, leanbh-lárnaithe agus bunaithe ar ghníomhaíochtaí. Lá atá curtha ar leataobh le haghaidh an-chuid den ghníomhaíocht, den déantúsaíocht agus den chruthaíocht atá ann!

Mar gheall ar na srianta atá curtha i bhfeidhm faoi láthair mar gheall ar Covid-19, agus mar chuid den fheachtas #IsIonannAnCásDúinn atá curtha ar seol ag an Rialtas, beidh Cruinniú na nÓg á thionól ag Comhairle Contae Fhine Gall ar líne in 2020.

Dúirt an Méara, Eoghan O’Brien, “Tá an-áthas orm clár imeachtaí na bliana seo a fhógairt, agus áirithe ann ceardlanna ar líne, saor in aisce, sa chódú, sa ghrianghrafadóireacht, sna fótagraim, sa scéalaíocht, sa damhsa, san amhránaíocht, sna hamharcealaíona, sa ióga agus fiú ar conas an t-uachtar reoite a dhéanamh.  Ní féidir an tábhacht atá i gceist agus an chruthaitheacht atá ag ár ndaoine óga á spreagadh againn a mheas faoina luach, go háirithe ag an am seo, agus táimid bródúil as an gclár imeachtaí atáthar chun cur i láthair lena ligfear dár ndaoine óga iad féin a chur in iúl agus ionadaíocht a dhéanamh orthu féin, rud a chothófar lena bhfolláine trí pháirt a bheith glactha acu i ngníomhaíochtaí cruthaitheacha. "

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly “Tá ag éirí go hiontach le Cruinniú na nÓg i bhFine Gall le dhá bhliain anuas agus táimid bródúil as a bheith rannpháirteach arís i mbliana ag cur os cionn 25 ceardlann saor in aisce ar fáil ar líne do leanaí agus do dhaoine óga ar fud raon leathan de réimsí cruthaitheacha.  Tá áthas orainn a bheith ag obair in éineacht le gairmithe Cruthaitheacha i ngach cearn den chontae atá ag cruthú na ndeiseanna seo do dhaoine óga chun lá iontach cruthaitheachta a dhéanamh as an tionscnamh seo. "

Dúirt Margaret Geraghty, an Stiúrthóir Tithíochta agus Pobail, “Tá sé níos tábhachtaí fós, fiú, le linn na tréimhse seo, go ndéantar cinnte de go dtacaítear leis an gcruthaitheacht a atá ag ár ndaoine óga, agus go ndéantar í a spreagadh. I mbliana, tá clár leathan d’imeachtaí curtha ar siúl againn lena mbeifear ag freastal ar dhaoine ar gach uile aois agus lena ndéanfar sárthaispeántas den chruthaitheacht atá ag daoine óga ó gach cearn d’Fhine Gall, agus táimid ag iarraidh ar gach aon leanbh agus duine óg páirt a ghlacadh ann.”

Chun faisnéis a fháil ar na himeachtaí go léir a bheidh ar siúl i bhFine Gall i rith an lae, féach ar www.fingal.ie/events.

Tá go leor imeachtaí ag tarlú timpeall na tíre atá le haimsiú ar shuíomh gréasáin Éire Ildánach, lena n-áirítear ‘Céilí sa Chistin in éineacht le Teach Damhsa’, ‘Déan Eitleoig Duit Féin’, gan ach cúpla a lua. Féach ar cruinniu.creativeireland.gov.ie chun teacht ar na mionsonraí.

Tionscnamh de chuid Chlár Éire Ildánach sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta is é Cruinniú na nÓg agus cuirtear i láthair é i gcomhpháirtíocht le RTÉ agus na hÚdaráis Áitiúla. 

#ÉireIldánach #IsIonannAnCásDúinn