Críochnaíodh an chéad chéim d’oibreacha forbartha bogaigh i bPáirc Dúlra Thuirbhe

Tá an chéad chéim de thionscadal forbartha bogaigh i bPáirc Dúlra Thuirbhe i nDomhnach Bat díreach críochnaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall.

Turvey Wetland

Tá an chéad chéim de thionscadal forbartha bogaigh i bPáirc Dúlra Thuirbhe i nDomhnach Bat díreach críochnaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall. Rinneadh limistéar reatha bogaigh a shíneadh agus cruthaíodh limistéar nua bogaigh 2 acra sa chéim seo i mbliana agus tógadh Cró nua Gabhlán Gainimh freisin.

Beartaíonn an Chomhairle, ag cur leis an dul chun cinn seo, dhá limistéar nua mhóra bogaigh eile a thógáil an bhliain seo chugainn chun sraith nasctha linnte fionnuisce agus bogach sa Pháirc Dúlra. Beartaítear go meallfaidh seo réimse níos fairsinge de phlandaí agus ainmhithe chuig an bpáirc. 

Tá gliondar croí ar Hans Visser, Oifigeach Bithéagsúlachta Fhine Gall, leis na torthaí agus dúirt sé: “Tógadh Cró nua Gabhlán Gainimh freisin, arb é an chéad cheann dá shamhail in Éirinn. Tá súil againn Gabhláin Ghainimh a mhealladh mar éan goir nua sa pháirc agus beidh monatóireacht á déanamh againn ar an úsáid a bhaineann Gabhláin Ghainimh as an suíomh nua neadaithe sna blianta amach romhainn”. 

Tabharfaidh na hoibreacha forbartha bogaigh agus na hoibreacha uasghrádaithe cosáin deis níos fearr do chuairteoirí freisin chun taitneamh i bpearsan a bhaint as an mbogach agus an fiadhúlra atá ann. 

Tá forbairt an bhogaigh mar chuid de thiomantas Chomhairle Contae Fhine Gall dul i ngleic le caillteanas bithéagsúlachta agus Athrú Aeráide. Thug an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (an SPNF) cúnamh deontais don tionscadal faoi Chiste Thionscadal Bithéagsúlachta Údarás Áitiúil an Phlean Bithéagsúlachta Náisiúnta.

 

Turvey wetland 1
Turvey Wetland 2