Conraitheoir ceaptha ag Comhairle Contae Fhine Gall chun tús a chur le hobair ar Uasghrádú Acomhal Bhóthar Pholl an Bhalla / na Sráide Móire

Hole in the Wall road upgrade

Tá sé fógartha ag Comhairle Contae Fhine Gall go bhfuil SIAC Construction Ltd. ceaptha chun scéim Uasghrádú Acomhal Bhóthar Pholl an Bhalla / na Sráide Móire a chur i gcrích.

Áirítear sa tionscadal seo acomhail na Sráide Móire le Bóthar Pholl an Bhalla agus Bóthar Dhroimeanaigh a ailíniú. Cruthóidh sé seo leagan amach bóthair i bhfad níos sábháilte do gach úsáideoir bóithre trí amharclínte feabhsaithe agus áiseanna trasnaithe nua le comharthaí a sholáthar, mar aon le cosáin agus rotharbhealaí nua agus atógáil pábháil bóithre.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien: “Tá uasghrádaithe bonneagair cosúil le scéim Uasghrádaithe Acomhal Pholl an Bhalla/na Sráide Móire riachtanach chun tacú le forbairt agus fás sa cheantar. Soláthróidh an obair uasghrádaithe seo bonneagar níos sábháilte agus níos inbhuanaithe don bhóthar le cosáin agus rotharbhealaí nua a chruthóidh timpeallacht a thacóidh le gach duine.”

Tá bearta bainistíochta tuilte agus bonneagar nua soláthair uisce san áireamh freisin. Cuireadh tús leis an obair thógála ar an 10 Feabhra agus tá clár oibre 14 mhí leagtha síos.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag, AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, le déanaí nuair a bhí na conarthaí á síniú: “Soláthróidh an tionscadal seo tuilleadh tacaíochta don fhorbairt inbhuanaithe leanúnach atá ar siúl sa cheantar lena n-áirítear ar thailte atá roghnaithe lena bhforbairt i bPlean Ceantair Áitiúil Bhaile Dúill-Steach Póilín.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Matthew McAleese, Stiúrthóir Pleanála agus Bonneagar Straitéiseach ag tús na tréimhse tógála: “Cúis áthais dom go bhfuiltear ag leanúint leis an tionscadal seo, atá á chómhaoiniú ag Comhairle Contae Fhine Gall agus ag an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, faoi thionscnamh CNSTG (an Ciste Bonneagair Áitiúil um Sheachadadh Tithíochta a Ghníomhachtú) Atógáil Éireann. Ó tharla tithe nua atá ag teastáil go géar a bheith á dtógáil sa cheantar seo, tá forbairtí mar seo tráthúil chun forbairt inbhuanaithe an cheantair a chinntiú amach anseo.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Innealtóir Sinsearach, Paul Carroll: “Is é a bheidh mar thoradh ar an tionscadal seo nach mbeidh dhá acomhal fhochaighdeánacha in úsáid níos mó agus go mbeidh leagan amach bóthair níos sábháilte á chruthú ar a mbeidh luas na tráchta níos ísle, beidh na hamharclínte feabhsaithe do thiománaithe, agus beidh áiseanna feabhsaithe á gcur ar fáil do choisithe agus do rothaithe.”