Comórann Fine Gall Tús an Tionscadail um Fheabhsú Ríochta Poiblí na Sráide Nua i Mullach Íde

New St 1

In éineacht le Darragh O’Brien TD, an tAire Iompair agus an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil, chomóir an Comh. Tony Murphy, Méara Fhine Gall, cloch mhíle mhór inniu maidir leis an Tionscadal um Fheabhsú Ríochta Poiblí na Sráide Nua, rud lena mbunathrófar croílár lár sráidbhaile Mhullach Íde.

Leis an scéim, cuirfear feabhas ar cheann de na spásanna poiblí is tábhachtaí i Mullach Íde, agus timpeallacht ardchaighdeáin á cruthú do chónaitheoirí, do ghnólachtaí agus do chuairteoirí. Agus í deartha chun tús áite a thabhairt do dhaoine agus chun riachtanais úsáideoirí difriúla a chothromú an tráth céanna, cothófar leis an scéim beogacht leantach an limistéir.

Agus í suite ag an Diamant, tá an tSráid Nua ag feidhmiú mar spás do choisithe ón mbliain 2020 i leith. Ag tógáil ar rath an tionscnaimh sin, d’fhorbair Comhairle Contae Fhine Gall scéim ríochta poiblí lena gcomhlánaítear Faiche an tSráidbhaile, rud a feabhsaíodh le déanaí.

New St 2

New Street Public Realm Video

Dúirt an Comh. Tony Murphy, Méara Fhine Gall: “Is am corraitheach é seo do Mhullach Íde mar gheall ar thús na n-oibreacha ar an tSráid Nua. Leis an tionscadal seo, bunathrófar croílár an tsráidbhaile ina cheann scríbe a bheidh níos fáiltí agus níos tarraingtí fós, rud a chruthóidh spás cathartha bríomhar inar féidir le cónaitheoirí agus cuairteoirí teacht le chéile, a scíth a ligean agus taitneamh a bhaint as gach a bhfuil ar fáil i Mullach Íde.”

Soláthrófar leis an tionscadal dromchlaí inrochtana do choisithe, pábháil uasghrádaithe agus soilsiú poiblí uasghrádaithe, suíochánra nua, spásanna páirceála rothar, limistéir itheacháin lasmuigh agus tírdhreachú feabhsaithe. Áireofar leis freisin 37 gcrann nua a chur, gnéithe draenála uirbí inbhuanaithe, bonneagar uasghrádaithe uisce agus draenála, bánna lódála agus spás páirceála inrochtana, rud a chruthóidh ceann scríbe níos fáiltí agus níos bríomhaire do chónaitheoirí agus do chuairteoirí.

Cheap Comhairle Contae Fhine Gall Maylim Limited chun an tionscadal a sholáthar, agus táthar ag súil leis go dtosófar an obair thógála sna seachtainí atá romhainn. Meastar go dtógfaidh sé thart ar 16 mhí chun na hoibreacha a chur i gcrích. Céimneofar na hoibreacha go cúramach chun cur isteach a íoslaghdú, agus beidh sosanna beartaithe ann le linn thréimhsí gnóthacha an tsamhraidh agus na Nollag.

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá an Tionscadal um Fheabhsú Ríochta Poiblí na Sráide Nua ina léiriú ar thiomantas Chomhairle Contae Fhine Gall do spásanna poiblí atá tarraingteach agus atá dírithe ar

an duine a sholáthar. Leis an scéim seo, cuirfear le rath an tionscadail um theorannú do choisithe, agus neartófar sainghné uathúil Mhullach Íde do na glúnta atá le teacht.”

New St 3

Coinneofar rochtain do choisithe ar bun feadh na sráide i gcónaí, agus beidh rochtain ar thithe agus ar ghnólachtaí fós ar fáil i rith na tréimhse tógála. Oibreoidh oifigeach tiomnaithe idirchaidrimh gnó go díreach leis na gnólachtaí agus na húinéirí réadmhaoine a ndéanfar difear dóibh de réir mar a théann an tionscadal ar aghaidh.

Dúirt David Storey, Stiúrthóir Seirbhísí um Chomhshaol, Gníomhú ar son na hAeráide, Taisteal Gníomhach agus Spórt i gComhairle Contae Fhine Gall: “Tá an tionscadal seo ina léiriú ar an dóigh ar féidir le hinfheistíocht i spásanna poiblí tacú le comhfhorbairt áite agus le taisteal inbhuanaithe araon. A bhuí leis an ríocht phoiblí fheabhsaithe, beidh sé níos éasca agus níos taitneamhaí do dhaoine gluaiseacht timpeall gan a bheith ag brath ar charr, rud a thacóidh le gnáthghníomhaíocht laethúil agus a chabhróidh le lár sráidbhaile níos inbhuanaithe a chruthú.”

New St 4

Comhlánóidh na feabhsuithe ar ríocht phoiblí na Sráide Nua suíomh Mhullach Íde i gcroílár líonra glasbhealaí Fhine Gall atá beartaithe freisin, áit a bhfuil an sráidbhaile le nascadh le Bealach an Mhóinéir Leathain agus leis an nGlasbhealach idir Cill Fhionntain agus Mullach Íde.

Dúirt Darragh O’Brien TD, an tAire Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil agus an tAire Iompair: “Tá tionscadail cosúil leis an gceann seo mar fhianaise ar an luach a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh i spásanna poiblí ardchaighdeáin a chuireann feabhas ar an ngnátheispéireas laethúil inár gcuid bailte agus sráidbhailte. Leis an Tionscadal um Fheabhsú Ríochta Poiblí na Sráide Nua, cabhrófar le timpeallacht níos sábháilte, níos inrochtana agus níos tarraingtí a chruthú i lár Mhullach Íde, rud a thacóidh le taisteal gníomhach, le gnólachtaí áitiúla agus le folláine an phobail, agus a chuirfidh feabhas ar shainghné an limistéir do na glúnta atá le teacht.”

New St 5