COMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ
FÓGRA I dTAOBH BREITHNIÚ A DHÉANAMH AR FHACHTÓIR COIGEARTAITHE ÁITIÚIL A SHOCRÚ DON BHLIAIN 2027
(CÁIN MHAOINE ÁITIÚIL)
Forbhreathnú
Déantar foráil shonrach leis an Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil), 2012 (arna leasú), go bhféadfaidh Comhaltaí Tofa d’údarás áitiúil rún foirmiúil a rith chun an bunráta Cánach Maoine Áitiúla dá limistéar riaracháin a athrú de réir céatadán ar a dtugtar an Fachtóir Coigeartaithe Áitiúil.
Ciallaíonn sé sin go bhféadfaidh Comhairle Contae Fhine Gall an bunráta Cánach Maoine Áitiúla a laghdú faoi 15% ar a mhéad, an bunráta a mhéadú faoi 25% ar a mhéad, nó é a fhágáil gan athrú.
Bhí feidhm ag an laghdú 5% ar an mbunráta Cánach Maoine Áitiúla ar feadh na tréimhse ón 1 Samhain 2025 (an dáta dliteanais) go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2026. Fillfidh an ráta ar ais ar an mbunráta an 1 Samhain 2026, i.e., an ráta réamhchoigeartaithe, agus ní mór do na Comhaltaí Tofa a bhreithniú anois an laghdóidh siad an bunráta, an bhfágfaidh siad gan athrú é nó an méadóidh siad é don bhliain 2027.
Cén fáth a bhfuilimid ag dul i mbun comhairliúcháin?
Tiocfaidh an Chomhairle le chéile chun breithniú a dhéanamh ar Fhachtóir Coigeartaithe Áitiúil a shocrú don bhliain 2027. Ní mór do na comhaltaí a chinneadh an gcoinneoidh siad an t-athrú a comhaontaíodh sa bhliain 2025, an gcomhaontóidh siad athrú malartach, nó an bhfágfaidh siad an ráta gan athrú.
Fáiltíonn an Chomhairle roimh aighneachtaí ón bpobal maidir leis an ní seo, go háirithe aighneachtaí maidir leis na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ann ar ghnólachtaí, ar dhaoine aonair agus ar sheirbhísí údaráis áitiúil mar thoradh ar an athrú atá ann cheana a choinneáil, mar thoradh ar athrú malartach a chur i bhfeidhm nó mar thoradh ar an ráta a fhágáil gan athrú.
Ar mhaith leat aighneacht a dhéanamh?
Féadfar aighneachtaí a dhéanamh ón gCéadaoin an 1 Iúil go 12 p.m. meán lae Dé hAoine an 31 Iúil 2026.
Féadfaidh tú aighneacht a dhéanamh tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:-
- Logáil isteach ar https://consult.fingal.ie/en/surveys agus an suirbhé ar líne a chomhlánú.
Na haighneachtaí uile, lena n-áirítear ainm agus seoladh na ndaoine sin a rinne aighneachtaí chuig an gComhairle, beidh siad mar chuid den tuarascáil a gceanglaítear go reachtúil í a chur i láthair ag cruinniú de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall. Cuirfear iad ar áireamh i miontuairiscí an chruinnithe sin freisin agus beidh siad le feiceáil ar shuíomh Gréasáin na Comhairle.