Comhairleoir nua comhthofa de chuid Fhine Gael i bhFine Gall

Tá fáilte curtha ag Fine Gall roimh an gComhairleoir Steve O’Reilly mar an comhalta is nuaí, i ndiaidh a chomhthoghadh ar an gcomhairle mar chomhairleoir de chuid Fhine Gael.

Cllr Steve O'Reilly

Tá fáilte curtha ag Fine Gall roimh an gComhairleoir Steve O’Reilly mar an comhalta is nuaí, i ndiaidh a chomhthoghadh ar an gcomhairle mar chomhairleoir de chuid Fhine Gael.

Tar éis á mholadh ag a chomhghleacaí, An Clr. Dennison, agus á thacú ag An gComhairleoir Leddy, beidh an Comhairleoir O'Reilly ina ionadaí ar Thoghcheantar Áitiúil Bhaile Bhlainséir – Mullach Eadrad. Tagann sé isteach ar an gcomhairle tar éis Punam Rane, a toghadh sa bhliain 2019, éirí as. Ghabh Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy, buíochas leis an Uasal Rane as an sár-pháirt a ghlac sé sa chomhairle le cúig bhliain anuas agus as a cuid iarrachtaí ionadaíochta a rinne sé thar ceann pobal Bhaile Átha Cliath 15  le linn na tréimhse sin.

Tá cónaí ar an gClr O'Reilly i gceantar Bhaile Bhlainséir agus Mullach Eadrad le breis agus 11 bhliain. Ag labhairt do chomhaltaí ag a chéad chruinniú den chomhairle, dúirt an Comhairleoir O’Reilly go raibh sé ag tnúth le hionadaíocht a dhéanamh ar leas muintir Bhaile Átha Cliath 15 agus go raibh fonn air tionscnaimh a chur chun cinn a fheabhsódh taitneamhachtaí na háite agus a dhéanfadh an bonneagar a theastaíonn chun tacú le ceann de na ceantair is tapúla fáis sa tír a fhorbairt a thuilleadh.

Ina theannta sin, ba mhaith leis an gComhairleoir O’Reilly aird a dhíriú ar thuilleadh tithíochta inacmhainne agus sóisialta a chur ar fáil, ar rochtain níos fearr ar sheirbhísí na meabhairshláinte agus ar dul i ngleic le hiompar frithshóisialta.

As well as being an active Blanchardstown – Mulhuddart Councillor, he will also take up roles on: the Planning Strategic Transport & Infrastructure Strategic Policy Committee; the Fingal Biodiversity Forum; the Base Enterprise Centre; the Hansfield Strategic Development Zone Steering Group; and the Sports Partnership.