Comhairle Contae Fhine Gall rannpháirteach i dtionscnamh cur crann i bPáirc na Coirre Duibhe

Fingal County Council participates in tree planting initiative in Corduff Park

Bhí rannóg Oibríochtaí Chomhairle Contae Fhine Gall rannpháirteach i dtionscnamh trasphobail i mBaile Bhlainséir inar cuireadh 20 crann i bPáirc na Coirre Duibhe.

Eagraíodh an ócáid mar chuid de Thionscnamh Inbhuanaitheachta agus Pobail thar ceann GLS a rinne urraíocht ar cheannach na gcrann chun an feabhas ar Pháirc na Coirre Duibhe a éascú. D’aithin GLS an tionscnamh mar dheis dheas rud éigin a thabhairt ar ais don phobal áitiúil agus iad ag comóradh 20 bliain i mbun oibre agus mar chuid dá gclár ‘Smaoinigh go Glas’, clár a seoladh in 2008.

Bhí sé mar chuspóir an oiread grúpaí agus ab fhéidir taobh istigh de limistéir na Coirre Duibhe agus na limistéir máguaird a bheith rannpháirteach chun braistint úinéireachta agus cosanta a fhorbairt do na crainn nua i measc áitritheoirí agus úsáideoirí poiblí Pháirc na Coirre Móire.

Ba iad na grúpaí a ghlac páirt ná GLS, foireann agus criúnna Chomhairle Contae Fhine Gall, scoláirí na chéad bhliana agus múinteoirí ó Choláiste Pobail Ghleanntán na hAbhann mar aon le daltaí agus múinteoirí ó rang a dó, rang a trí agus rang a ceathair i Scoil Shóisearach agus Shinsearach Naomh Pádraig agus ionadaí ó Clean-Up Corduff. D’fhreastail an Comh. Breda Hanaphy freisin chun cabhrú leis an gcuradóireacht.

Ag labhairt faoin tionscnamh, dúirt Méara Fhine Gall an Comh. Eoghan O’Brien: “Tá ríméad orm leis an iarracht atáthar a dhéanamh chun Páirc na Coirre Duibhe a fheabhsú agus is álainn an rud é na leanaí scoile a fheiceáil ag cur na gcrann. Tá súil agam go múinfidh an ócáid seo don dream óg cad is brí le pobal agus tábhacht an chomhshaoil.”

Dúirt Stiúrthóir Oibríochtaí Chomhairle Contae Fhine Gall, David Storey: “Rachaidh an tionscnamh seo chun tairbhe úsáideoirí reatha Pháirc na Coirre Duibhe agus tá súil agam go dtarraingeoidh sé tuilleadh cuairteoirí isteach. Chruthaigh sé braistint phobail agus dearfacht i measc na ngrúpaí a bhí páirteach san ócáid.”

Fingal County Council participates in tree planting initiative in Corduff Park